Seanad debates

Tuesday, 10 March 2015

Commencement Matters

Universities Governance

2:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá iontas orm go bhfuil an tAire ag rá go bhfuil sí sásta leis an gcur chuige atá ag NUIG, fiú ar an mbunphointe nach bhfuil ionadaí ó aon cheann de na ceardchumainn a bhaineann leis an gceist seo - SIPTU, IFUT nó Aontas na Mac Léinn in Éirinn - ar an tascfhórsa. Cheapfaí, ar mhaithe leis na n-oibrithe agus na daoine atá san ollscoil, go mbeadh ar a laghad duine amháin acu sin ionadaíoch ann. Luaigh an tAire ina freagra Acht na nOllscoileanna, 1997. Tuigtear dom go bhfuil cumhacht faoi leith aici mar Aire cuairt a shocrú faoin Acht sin. D'fhéadfadh sí daoine neamhspleácha a chur isteach ar chuairt chuig an ollscoil le féachaint an bhfuil gach rud in ord agus in eagar. Iarraim uirthi breathnú ar sin agus bualadh le ionadaithe ó na ceardchumainn, údarás na hollscoile agus na páirtithe leasmhara. Níl mé ag déanamh aon réamhbhreithiúnas, ach sílim go bhfuil an rud seo i bhfad níos measa agus níos tromchúisí ná mar a cheapann daoine. Tá sé tábhachtach go mbeadh an tAire ar an airdeall ar fad faoi seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.