Seanad debates

Tuesday, 10 March 2015

Commencement Matters

Universities Governance

2:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar a bhí mé ag rá leis an Aire taobh amuigh, tá sé i gceist agam labhairt as Gaeilge amháin sna Tithe an tseachtain seo mar gheall ar Seachtain na Gaeilge agus mar chuid de thriall cearta teanga atá ar bun agam féin agus ag cuid de mo chomhghleacaithe. Tá mé thar a bheith buíoch don Aire faoi teacht isteach. Tá mé ag ardú ceist a bhaineann le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Mar dhuine a fhreastal ar an ollscoil sin, tá ard-mheas agam ar an bhfoireann atá ag obair inti. Déanann formhór dóibh scoth na hoibre. Tá an ollscoil ag dul ó neart go neart. Is cinnte, áfach, go bhfuil riar mhaith ceisteanna tromchúiseacha tagtha chun cinn le tamall anuas maidir le cothromaíocht san ollscoil sin. Bhí cúpla cás an-mhór sna meáin le tamall anuas. Thóg mná éagsúla cásanna cúirte maidir le cothromaíocht. Tá cuid acu fós ag dul ar aghaidh. Le seachtain nó dhó anuas, tá sé tagtha chun cinn chomh maith go raibh ceistneoir á chur ar dhaoine a bhí ag cur isteach ar phostanna san ollscoil sin maidir le rudaí nach bhfuil baint ar bith acu, i ndáiríre, le post a thógáil - rudaí a bhain ó thaobh na mná de le fuil mhíosta, le deacrachtaí lena gcuid cíocha agus le breith clainne, srl. Tá an-iontas ar dhaoine go gcuirfí a leithéid de cheisteanna os comhair duine ar bith a bheadh ag cur isteach ar phost in aon áit.

Deirtear linn go bhfuil tascfhórsa bunaithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis an gceist seo a phlé. Tá deacrachtaí ag daoine áirithe sa réimse seo leis an tascfhórsa sin. Ar an gcéad dul síos, ba iad údaráis na hollscoile a chuir an tascfhórsa le chéile. Níl aon ionadaíocht ag na ceardchumainn - SIPTU agus IFUT - ar an tascfhórsa seo, cé gur iarr siad go mbeadh ionadaíocht acu. Níl an ionadaí ó na mic léinn le ceapadh go dtí amach anseo. Tá ceisteanna faoi sin. Tá ceisteanna níos bunúsaí le freagairt. An féidir le ollscoil iniúchadh a dhéanamh isteach iontu féin ó thaobh ceisteanna chomh tromchúiseacha le ceist na cothromaíochta? Tá mé den tuairim gur chóir go mbeadh fiosrúchán neamhspleách ar na ceisteanna seo. Dar liom, bheadh sé níos tapúla agus bheimid cinnte go mbeadh trédhearcacht agus oscailteacht iomlán ag baint leis seo. Tá daoine atá ag obair san ollscoil ag rá liom nach bhfuil mórán taithí ag an dream atá curtha ar an tascfhórsa seo i gcúrsaí cothromaíochta. Ceapann siad chomh maith go bhfuil baint ag cuid mhaith de na daoine atá curtha ar an tascfhórsa le bainistíocht na hollscoile, nó go raibh baint acu leis sin roimhe seo. Is dóigh leo gur cineál "insiders" atá iontu. Dá bhrí sin, tá cuid mhaith den fhoireann ag rá go mbeidh easpa muiníne acu dul os comhair a leithéid de thascfhórsa le ceisteanna chomh tromchúiseacha leis na ceisteanna seo a phlé, mar gheall ar an taithí atá acu go dtí seo. Cé go bhfuil sé ráite nach bhfuil an ceistneoir le n-úsáid arís, tuigtear dom go gcuirtear cuid de na ceisteanna fós sna hagallaimh a chuirtear ar dhaoine.

Tá daoine ag ardú ceisteanna chomh maith maidir leis na costais dlí atá ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó thaobh na comhairle a fhaigheann an ollscoil faoi dhaoine a bhíonn le ceapadh agus faoi cheisteanna a bhaineann le cothromaíocht, srl. Tuigtear dom freisin go bhfuil comhlacht caidreamh poiblí an-mhór le rá fostaithe ag an ollscoil anois le scéal níos fearr a chur amach maidir le obair na hollscoile sna réimsí seo. Cé mhéad a chosnaíonn sé sin chomh maith céanna? Ní dóigh liom go mbaineann an cheist seo le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh amháin. Is dóigh liom go mbaineann sé leis an earnáil tríú leibhéal trí chéile. Nuair a bhí mé ag an gComhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach le déanaí, dúirt ionadaithe ón Údarás um Ard-Oideachas liom go bhfuil imní orthu faoi cheist na cothromaíochta - go háirithe ó thaobh cearta na mban, cearta na ndaoine faoi mhíchumas agus fostaíocht de - trasna na hearnála. Tuigtear dom freisin go bhful stailc ar bun inniu ag léachtóirí i gColáiste San Aingeal, Sligeach mar go bhfuil deacrachtaí acu siúd maidir leis an gcaoi ina bhfuil an coláiste sin le cónascadh le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. An dtabharfaidh an tAire soiléiriú dom? An gceapann sí go bhfuil fiosrúchán neamhspleách ag teastáil sa chás seo? An aontaíonn sí nach bhfuil an tascfhórsa atá comhdhéanta ag an gcoláiste ionadaíoch ná neamhspleách?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.