Seanad debates

Tuesday, 10 March 2015

Ireland's Diaspora Policy: Statements

 

2:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Mar mhíniú don Aire Stáit, mar gheall ar Seachtain na Gaeilge, táim ag labhairt i nGaeilge amháin sna Tithe an tseachtain seo. Beidh mé ag tógáil m'aitheasc ar fad i nGaeilge agus tá súil agam go mbeidh sé liom. Cuirim fáilte roimh an bpolasaí. Sílim go bhfuil go leor rudaí maithe ann. Tá go leor rudaí a bhí ann roimhe seo tarraingthe le chéile ó eagraíochtaí éagsúla agus mar sin de agus tá roinnt rudaí nua ann. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil urlabhraí ag an Rialtas ar son an diaspóra agus fáiltím roimh an obair atá an Aire Stáit ag déanamh. Tuigtear dom go bhfuil foireann an-bheag ag an Roinn atá ag plé leis na gnóthaí seo agus gur dúshlán faoi leith atá ann dóibh an obair seo ar fad a dhéanamh.

Tá a fhios againn go bhfuil suas go 70 milliún duine ar fud an domhain a bhíonn ag rá go bhfuil bunús Éireannach leo. Tá formhór acusan le fáil sna Stáit Aontaithe. I Meireaceá Thuaidh tá 35 milliún sna Stáit Aontaithe agus 4.5 milliún i gCeanada. Tá pobal ollmhór sa Bhreatain: tá 600,000 duine ina gcónaí i Sasana faoi láthair a deir go bhfuil saoránacht Éireannach acu, ach deirtear go bhfuil bunús Éireannach le duine as chuile ceathrar sa Bhreatain ar fad. Tá os cionn 2 mhilliún duine san Astráil, sin 10% den phobal ar fad. Tá pobail Éireannacha ar fud an domhain, i bhfad ó bhaile agus gar do bhaile. Tuigimid agus aithnimid chomh maith céanna an obair iontach a bhí ar bun ag eagraíochtaí carrthanacha, eagraíochtaí phobail, agus na hambasáidí agus ár gcuid taidhleoirí ar fud an domhain sa réimse seo. Molaim an obair sin ar fad. Tá taithí fada ag Sinn Féin freisin le bheith ag déileáil agus ag comhoibriú leis an diaspóra agus tá an-tábhacht ag baint leis sin ó thaobh an tacaíocht gur féidir linn tabhairt dóibh agus an cúnamh a thugann siadsan dúinne, go háirithe nuair a bhreathnaítear ar a leithéid de phróiseas na síochána.

Níl aon dabht faoi ach go bhfuil rud an-mhór in easnamh sa pholasaí seo agus táim ag ceapadh go dtuigeann an Aire Stáit é seo. Is é sin na cearta: cearta vótála agus cearta ionadaíochta atá an diaspóra ag lorg le fada an lá. Tugaim faoi deara go bhfuil cuid de na heagraíochtaí tar éis a rá go bhfáiltíonn siad roimh an tuarascáil ach go bhfuil an-díomá oraibh nach bhfuil an Rialtas tar éis gníomhú ar an gceist maidir le cearta vótála agus go bhfuil sé sin chun baint ó na moltaí dearfacha ar fad eile atá ann. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil sé seo déanta. Tá 136 tír ar fud an domhain a thugann cearta vótála dá gcuid saoránaigh agus iad taobh amuigh dá dtír dhúchais. Ní thuigim cén fáth nach féidir linn é sin a dhéanamh anseo in Éirinn. Ba mhaith liom fáil amach ón Aire Stáit céard atá i gceist aige a dhéanamh. Tá faitíos ar go leor Éireannaigh thar lear a raibh mise ag caint leo go bhfuil an Aire Stáit tar éis an liathróid a chiceáil síos an bhóthair agus an cheist seo a chur faoi bhráid an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil le breathnú air. Níl ach bliain fanta ag an Rialtas seo ar an gcuid is mó agus b'fhéidir nach mbeidh réiteach ar bith ar an gceist seo chomh fada is atá an Rialtas seo i bhfeidhm. Ní fheicim ach an oiread aon chaint ar na daoine Éireannacha thar lear nach bhfuil a gcuid páipéirí acu, go háirid i Meiriceá Thuaidh. Tá comhdháil físe againn amárach ar an gceist seo i mBuswells ag a 2 p.m. le féachaint ar na ceisteanna a bhaineann le hÉireannaigh atá i Meiriceá Thuaidh ach go háirid nach bhfuil cáipéisí imirce acu agus céard atá an Rialtas sásta agus chun dul a dhéanamh faoi sin. Ní fhaca mé mórán faoi sin.Bhí mé i láthair nuair a sheol an tAire Stáit an suíomh Idilín mindhowyougo.iele Crosscare an lá faoi dheireadh. Áis iontach maith í sin agus molaim an obair atá ar bun ansin. Molaim an obair atá eagraíochtaí ar nós Irish in Britain ag déanamh chomh maith céanna. Bhí cur i láthair an-shuimiúil an tseachtain seo caite ó thaobh an GAA agus an obair atá sé sin ag déanamh ar fud na cruinne mar gheall go bhfuil an oiread Gael imithe thar lear agus na clubanna ag treisiú. Tá borradh ag teacht faoin tacaíocht atá sé sin ag tabhairt. Ní amháin tacaíocht spóirt atá i gceist ach tacaíocht sóisialta, cultúrtha, oibre, eacnamúil agus mar sin de. Ceann de na rudaí a luadh ag an cur i láthair ná go bhfuil gá an clár atá ag an GAA ó thaobh cúrsaí meabhairshláinte agus cúrsaí sóisialta a leathnú taobh amuigh d'Éireann. Tá ag éirí go maith leis anseo ach teastaíonn é a leathnú taobh amuigh den tír.

Tá Sinn Féin ag tabhairt Bille os comhair na Dála an dá lá seo maidir le cearta vótála i dtoghchán na huachtaránachta. Bheadh súil agam go mbeadh an tAire Stáit ag tacú le sin. Ní fheicfinn cén fáth nach mbeadh sé ag tacú leis. Tá an tAire Stáit chomh láidir sin ar son an diaspora, bheifeá ag súil a thacaíocht le fáil don Bhille sin nuair a thiocfadh an vóta amárach. Ó thaobh an tSeanaid de, ní thuigeann an diaspora cén fáth nach bhfuil ionadaíocht acu anseo. Luaigh an Seanadóir Ó Murchú é seo chomh maith céanna. Bheadh sé éasca go leor. As na hainmniúcháin a bheadh déanta ag an Taoiseach, d'fhéadfadh duine nó beirt a bheith ainmnithe ansin. Ar ndóigh, tá muid inár bpáirtí ar son leasú i bhfad níos leithne ar an Seanad agus an chaoi a dtogtar daoine ach, idir an dá linn, tá agus bhí deis ag an Taoiseach é sin a dhéanamh. Ní dhearna sé é sin agus is mór an trua í. Tá bealaí Dáil ceantair faoi leith a dhéanamh ó thaobh na Dála de chomh maith céanna. Tá bealaí go bhféadfadh vóta a thabhairt do dhaoine agus ionadaíocht a thabhairt do daoine Éireannach thar lear sa Dáil. Tá an-áiféil orm nach bhfuil sé sin le feiceáil sa stráitéis, beag nach mór, i ndáiríre. Tá roinnt Éireannaigh a d'imigh le blian nó dhá bliain anuas atá ag filleadh le vótáil sa Reifeann. Is rud an-mhaith é go bhfuil siad ag teacht ar ais. Ceapaim siad go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbeidís ag vótáil ar son an reifrinn sin. Cén fáth nach mbeadh sé do chead acu é sin a dhéanamh ón áit ina bhfuil siad ina gcónaí fé láthair.

Tá bacanna filleadh ar dhaoine. Tá deacrachtaí ag daoine atá ag iarraidh teacht ar ais. Tá deacrachtaí faoi leith ó thaobh chúrsaí leasa shóisialaigh. Ní fhaca mé é sin, cé go bhfuil píosa leis an tAire Coimirce Sóisialta ag tús na tuairisce. Níor thug mé faoi deara go raibh aon rud suntasach ann maidir leis na bacanna atá ar dhaoine atá ag iarraidh teacht abhaile nó go mbeadh siad i dteideal liúntas leasa shóisialaigh, cárta leighis, tithíocht sóisialta agus mar sin de. De réir mar a thuigim, sin ceann de na bacanna is mó roimh dhaoine a bheadh ag iarraidh filleadh. Ní bheadh, b'fhéidir, an oiread sin acmhainní acu. Is mór an trua í sin agus sílim gur rud é sin gur gá dúinn oibriú air.

Nílim ag iarraidh bheith ró-cháinteach. Is léir gurb í seo an cheist mhór. Is léir gur lig an tAire Stáit an liathróid áirithe seo sciorradh uaidh. Is an trua í sin ach b'fhéidir nach bhfuil tacaíocht iomláin an Rialtais aige. Molaim na moltaí eile atá ann. Beidh muid ag tacú leis na moltaí eile. Tá an rud is mó a bhí ag teastáil fágtha in easnamh, áfach, agus is mór an trua í sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.