Seanad debates
Tuesday, 3 March 2015
Order of Business
2:30 pm
Terry Brennan (Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim chomhghairdeas le hAogán Ó Fearghail a toghadh mar uachtarán an chumainn luthchleas gael an Domhnach seo caite. Is an chéad uachtarán as Contae an Cabháin é. Is onóir iontach é d'fhear a d'oibrigh go dian dá cheantar agus don chumann luthchleas gael. Is onóir iontach ar fad é dá chlann uilig. Ba chúis bhróid é don tír an méid a rinne ár lúthchleasaithe an deireadh seachtaine seo caite. Bhuaidh an fhoireann rugbaí cluiche iontach san Aviva. Is imreoirí iad ó cheithre cúigí na hÉireann. D'éirigh go maith leis an bhfoireann cruicéid san Astráil agus bhuaidh an dornálaí Carl Frampton craobh an domhain an Satharn seo caite i mBéal Feirste. Gabhaim mo chomhghairdeas le John Giles ar a bronnadh saoirse chathair Bhaile Átha Cliath. Peileadóir iontach le fada ab ea é freisin. Is maith an fear é. is ambasadóirí spóirt iad go léir. Gabhaim mo chomhghairdeas dóibh go léir.
No comments