Seanad debates

Wednesday, 19 November 2014

Adoption (Identity and Information) Bill 2014: Second Stage

 

3:35 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom tacú leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Creachmhaoil. Caithfimid lean ar aghaidh leis an mBille seo agus caithfimid é a chur tríd na céimeanna sa Teach seo go dtí go dtéann sé go dtí an Dáil. Táimse ag súil nach dtéann an Bille seo go dtí an coiste. Beidh deis ansin rudaí a mhoilliú agus an dul chun cinn sa Bhille seo a stopadh. Tá an baol sin ann.

Ba mhaith liom m'ómós a chur in iúl don Seanadóir de Paor. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Creachmhaoil, is rud an-chrógach a rinne sí anseo inniu agus a scéal féin á chur ós comhair an phobail agus í ag úsáid a taithí féin agus a scéal féin chun rudaí a dhéanamh níos fearr do dhaoine eile agus an cás céanna acu. Bhí a lán rudaí a tharla in Éirinn fadó nach raibh ceart. Rinneadh na rudaí sin ag an am ar fáthanna a bhí ceart ag an am. Tá a lán grá ann. Tá a lán brón ann freisin maidir leis an ábhar seo. Tá roinnt daoine trína chéile ach, mar a dúirt an Seanadóir de Paor cheana féin, ní chóir do daoine bheith ag mothú trína chéile nó bheith buartha faoin reachtaíocht seo, má chuirfear i bhfeidhm í.

Ba cheart go mbeadh áthas ar dhaoine go bhfuil an Oireachtas seo ag obair go ceart. Nach mbeadh an áit seo i bhfad níos fearr dá mbeadh an Teach eile ag obair mar seo agus dá mbeadh an Seanad ag obair mar seo i bhfad níos mó, sa chaoi go mb'fhéidir go mbeimis ag caint faoi Chéim an Choiste maidir leis an mBille seo an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain i ndiaidh sin?

Táimse ag tacaíocht leis an mBille. Táim ag iarraidh m'omós freisin a chur in iúl don Dochtúir Ó Riain. Tá aithne agam air ó Choláiste na Tríonóide agus is dlíodóir agus abhcóide den scoth é i Maigh Nuad anois. Nach bhfuil sé go hiontach go bhfuil daoine ar nós an Dochtúir Ó Riain in ann a lán ama a chur isteach i saothar mar seo ar son an phobail agus ar son na tíre?

Táim ag rá go géar leis an Aire - agus measaim féin go n-aontóidh mo pháirtí agus mo chomhghleacaithe liom, ach beidh an Seanadóir de Paor in ann labhairt agus a tuairim féin a chur in iúl ag deireadh na díospóireachta seo - nár cheart an Bille seo a chur go dtí an Coiste Sláinte. Measaim gur cheart an próiseas a leanacht sa Seanad agus go mb'fhéidir go rachaimid ar aghaidh go Chéim an Choiste an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain i ndiaidh sin. Is é sin an sórt dul chun cinn atá ag teastáil uaimse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.