Seanad debates

Tuesday, 4 November 2014

3:35 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I attended a very interesting conference on Friday in Dublin on the subject of the global diaspora and development. It dealt with issues relating to our own diaspora. I note the reference today to voting rights for the diaspora but many other issues were also raised at the conference, including the way we treat members of other diasporas who have come to Ireland and their representatives. We have a Minister of State with responsibility for the diaspora and it might be useful to have a debate on the Irish diaspora and in particular ways to engage with the second generation of the diaspora.

Tá an-iontas orm inniu nár thapa an Seandóir Ó Cochláin an deis labhairt faoin ócáid iontach a bhí i gCill Áirne an tseachtain seo caite, Oireachtas na Gaeilge, a bhí thar barr ar fad. Ba mhaith liom tréaslú le gach duine a raibh baint acu le agus a bhí páirteach in Oireachtas na Gaeilge. Féile bliantúil é agus fuair daoine an-fháilte ar fad i gCill Áirne. Is féile iontach é. Bhí beocht, bríomhaireacht, cultúr, teanga agus gach rud eile ann. Bhí an tAire Stáit, an Teachta McHugh, i láthair chomh maith céanna agus bhí míle fáilte roimhe. An rud atá iontach soiléir ná tá an teanga agus an pobal faoí bhrú agus tá géarghá le tacaíocht. Sílim os rud é go bhfuil an tAire Stáit socraithe isteach ina ról nua ag an bpointe seo, go mbeadh sé an-mhaith, in áit muid a bheith ag caint faoi cé mhéad Gaeilge atá nó nach bhfuil ag an Teachta McHugh, go mbeadh muid ag caint faoi céard atáimid ag déanamh ó thaobh an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, cén fís atá ag an Aire Stáit ó thaobh Fhoras na Gaeilge, cá bhfuilimid ag dul ó thaobh chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus go labhradh muid faoi polasaí Gaeilge an Rialtais, seachas cumas Ghaeilge an Aire Stáit amháin. Sílim go bhfuil an díospóireacht sin thar a bheith tábhachtach agus bheadh fáilte roimhe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.