Seanad debates

Wednesday, 8 October 2014

Arts and Culture Sector: Motion

 

3:30 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim chun labhairt as Gaeilge anocht mar measaim go bhfuil an-tábhacht ag baint le cúrsaí Gaeilge agus litríocht agus filíocht na Gaeilge i gcomhthéacs na n-ealaíon sa tír seo. Cuirim fáilte roimh an Aire go dtí an Seanad. Tá a lán ceisteanna curtha agam uirthi le laethanta beaga anuas, ach nílim chun na ceisteanna sin a athchur anocht.
Measaim go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis na healaíona agus leis an díospóireacht seo maidir leo. Cuireadh in iúl dom aréir go raibh ealaíontóirí, aisteoirí agus filí ag breathnú ar an díospóireacht anseo agus tá a fhios agam go bhfuil siad anseo i nGailearaí na gCuairteoirí agus go bhfuil ealaíontóirí ar fud an domhain ag breathnú ar an díospóireacht seo anocht. Tá sin tábhachtach mar léiríonn sé an tábhacht a chuireann siad síos do ní hamháin na healaíona ach don pholaitíocht agus an baint atá ag an bpróiseas polaitíochta leis na healaíona.
Maidir leis na rudaí a tharla le coicís anuas, tá frustrachas i measc muintir na n-ealaíon agus tá sin le feiceáil. Tá daoine ag rud nach bhfuil an córas ceart, nach bhfuil spéis ag an Rialtas sna healaíona faoi mar a bhíodh ag rialtais eile. Is féidir le Seanadóirí gáire a dhéanamh faoi seo, ach sin atá á rá ag daoine. Dúradh sin ar an dteilifís aréir agus dúirt Colm Tóibín ar an Domhnach é sa The Sunday Business Post.Caithfimid éisteacht leis na healaíontóirí sin agus eile atá ag tabhairt moltaí don Rialtas. Caithfimid éisteacht le gach guth.
Cháin an tAire Fianna Fáil agus glacfaimid muid le roinnt cáinte maidir leis na ciorruithe a rinneadh le blianta beaga anuas, ach sílim go bhfuil stair an-mhaith ag Fianna Fáil maidir leis na healaíona. Tá an frustrachas i measc muintir na n-ealaíon le feiceáil faoi láthair agus tá súil agam go dtiocfaidh toradh maith as an bhfrustrachas sin. Tá súil agam go dtiocfaidh níos mó airgid chucu agus go dtiocfaidh níos mó neamhspleáchais chuig na healaíona agus chuig na hinstitiúidí cultúrtha sa tír. Is é an neamhspleáchas an gné is tábhachtaí den scéal seo. Tugann neamhspleáchas ceart d'ealaíontóirí a gnó féin a dhéanamh, ealaíon a chruthú, dánta a chumadh agus pictiúirí a chur ar phár. Sin an rud is tábhachtaí agus tá súil agam go dtógfaidh an tAire nua seo treo nua maidir leis na healaíona agus an méid atá faoina stiúr sa Roinn.

Le cead ón gCathaoirleach, léifidh mé dán "Ranna", dán an-ghearr le Máire Mhac an tSaoi. Measaim go léiríonn an dán seo an frustrachas atá le brath i measc muintir na n-ealaíon, rud a gcaithfidh polaiteoirí déileáil leis.


Ranna
Le snoí croí is intinne
Bhreacas ar phár
M'urraim don áilleacht
Go bhfuil mar atá.
Thugas dóibh siúd é,
Leosan níorbh fhíor é,
Chuireadar uathu é -
Is níor foilsíodh é.
Feasta bead gléasta
I gcaidhp na gcloigíní;
Tréigfead an véarsa
Ag déanamh bhur ngrinn díbh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.