Seanad debates

Wednesday, 16 July 2014

11:10 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail) | Oireachtas source

I am delighted to see Senator Norris here. Tá mise agus muintir na tíre ar fad a bhfuil grá acu don Ghaeilge ar buile maidir leis an maslú atá tugtha ag an Taoiseach do Roinn na Gaeltachta, do mhuintir na Gaeltachta agus don Ghaeilge mar phríomh theanga bunreachtúil na tíre. Níl sé ceart ná cóir go bhfuil beirt Airí sa Roinn sin nach bhfuil in ann obair na Roinne a dhéanamh trí Ghaeilge agus, mar a chonaic muid ar maidin, nach bhfuil in ann obair na Dála a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní bheidh siad in ann teacht isteach sa Seanad, áit ina bhfuil a lán Gaeilge á úsáid, agus obair an tSeanaid a dhéanamh trí Gaeilge. Tá sé seo go huafásach.

Tá agóid ar siúl inniu faoi seo agus táim ag tacú leis an agóid sin atá ar siúl taobh amuigh de Roinn an Taoisigh. Táim ag iarraidh ar an dTaoiseach agus ar Pháirtí Fhine Gael an cinneadh seo a chur ar ceal agus cinneadh eile a dhéanamh. Tá Gaeilgeoirí i bPáirtí Fhine Gael, cé go bhfuil an páirtí sin i gcónaí ag iarraidh na Gaeilge a chur faoi chois. Caithfidh Fine Gael daoine a bhuil Gaeilge acu a chur isteach sa Roinn. Nuair a d'inis mé an scéal seo do beirt fhear i gContae na Mí aréir, thosaigh siad ag gáire láithreach. Ní raibh siad in ann a chreidiúint go raibh seo á dhéanamh ag an Rialtas. Tá deis ag an Rialtas Airí a mhalairt agus tá Aire Stáit i bPáirtí an Lucht Oibre, an Teachta Ó Riordáin, agus d'fhéadfaí an tAire Stáit sin a chur isteach sa Roinn chun obair na Roinne agus obair na tíre a dhéanamh trí Ghaeilge, le cruthú don tír go bhfuil stádas oifigiúil agus bunreachtúil ag an nGaeilge agus go bhfuil muid ag iarraidh na Gaeilge a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.