Seanad debates
Thursday, 20 February 2014
An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint
2:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá na rudaí seo go léir ag tarlú. Níl sé fíor a rá nach bhfuil aon rud ag tarlú. Tá sé soiléir d'éinne atá ina chónaí thiar go bhfuil na rudaí sin ag tarlú. Bímse thiar go minic. Táimid tar éis breis is €1 milliún a chur isteach in áis iontach teaghlaigh i mbaile dúchais an tSeanadóra, faoi urchair cloiche don áit ina bhfuil sé ina chónaí. Beidh na teaghlaigh ar an Cheathrú Rua a bhfuil Gaeilge acu in ann an t-ionad breá úr seo a úsáid le haghaidh caitheamh aimsire agus féidearthachtaí eile. Tá na hacmhainní céanna á gcur isteach sa Spidéal agus in Indreabhán chun cur ar chumas na dtuismitheoirí atá ag tógaint a gcuid páistí le Gaeilge í a chleachtadh lasmuigh den scoil. Cuireann sé iontas orm go bhfuil an Seanadóir ag rá arís nach bhfuil aon rud ag tarlú.
No comments