Seanad debates
Thursday, 20 February 2014
An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint
1:50 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Rud atá sa straitéis ná rud éigin a dhéanamh maidir le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí. Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ina chónaí sa Ghaeltacht. Tá 26 ceantar sa Ghaeltacht ag a bhfuil pleananna teanga aitheanta agus curtha ar bun. Tá an t-údarás, ar a bhfuil freagracht reachtúil na pleananna teanga a chur i bhfeidhm, amuigh i measc an phobail agus muid ag caint. Bhí siad i mo cheantar agus i gceantar an Seanadóir Ó Domhnaill. Bhí siad siar san iarthar chomh maith agus tá siad sa deisceart. Idir seo agus deireadh na bliana, beidh coistí ar bun i 13 as 26 ceantar leis na pleananna a chur i gcrích. Tá sin ag tarlú.
Mar chruthú go bhfuil an Rialtas dáiríre, d'éirigh linn €500,000 de bhreis a fháil go speisialta chun cuidiú leis an údarás agus leis an bhforas na pleananna teanga a thabhairt ar aghaidh agus an plean a chur i bhfeidhm. Déarfaidh gach duine nach bhfuil ann ach €500,000, ach is tosnú é. Tá ganntanas airgid i ngach áit.
No comments