Seanad debates

Thursday, 20 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint

 

1:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar eolas don Seanadóir Ó Clochartaigh, táim tar éis rud a dhéanamh nach ndearnadh le 40 bliain. Tá doras oscailte anois a bhí faoi ghlas le 40 bliain. Nuair a bheidh an chéad chomórtas earcaíochta eile ar siúl d'oifigigh fheidhmiúcháin sa tseirbhís phoiblí, beidh céatadán nó cuóta áirithe do na poist sin ar fáil, ní do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, ach do dhaoine a bhfuil ardchumas agus ardcháilíocht sa Ghaeilge acu agus beidh orthu é sin a chruthú ag scrúdú a mbeidh aitheantas idirnáisiúnta agus caighdeán idirnáisiúnta aige. Chomh maith le sin, i láthair na huaire tá gach Roinn ag déanamh scrúdú ar féin le fáil amach cén áit a bhfuil gá le daoine le Gaeilge leis an tseirbhís a chur ar fáil don phobal. Sin dhá rud mór le rá.

Freisin, tá mo Roinn tar éis freagrachta úr a fháil - cúrsaí a eagrú do dhaoine atá sa tseirbhís cheana féin, cúrsaí proifisiúnta sa Ghaeilge. Tá eagraíocht an-mhaith ceaptha chun na cúrsaí sin a chur ar fáil. Tá áthas orm a rá go bhfuil suim ag daoine i sin. Is dul chun cinn é sin chomh maith. Mar a dúirt mé, is rud úr é seo. Níor tharla sé le 40 bliain, ach tá sé ag tarlú anois. Níor oibrigh an scéim a bhí ann le 40 bliain, an bónas. Dá mba rud é gur oibrigh sé, bheadh gach rud i gceart.

Maidir leis an straitéis 20 bliain, táthar á chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.