Seanad debates

Thursday, 20 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint

 

1:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé cinnte go bhfuil siad anseo d'aon turas chun tacaíocht a thabhairt don choimisinéir úr as Gaillimh.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na Seanadóirí a labhair ar an ábhar speisialta seo - roghnú nó ainmniú an choimisinéara úr, an dara coimisinéir. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt dóibh uile as bheith iontach moltach maidir leis an duine atá á cheapadh. Ar ndóigh, aontaíonn muid go léir le sin.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Murchú, a bhfuil éacht déanta aige féin le blianta anuas ar son na Gaeilge, an chultúir, an traidisiúin agus an cheoil, as a bhí le rá aige agus as na pointí a rinne sé. Luaigh sé an earcaíocht agus táimid ag díriú isteach ar sin. Rinne sé pointe an-mhaith gur fiú aird a thabhairt air - aon uair a bhíonn caismirt pholaitíochta maidir leis an teanga, is í an teanga a bhíonn laghdaithe agus lagaithe dá réir. Níl againn le déanamh ach cuimhneamh ar stair na tíre seo agus Conradh na Gaeilge a bhí ag dul ar aghaidh go breá. Bhí na hAontachtaithe, na Unionists, thart i mo cheantar féin agus coláistí Gaeilge ar bun acu. Bhí mé ag caint le fear uair éigin agus dúirt sé liom go raibh a shean aintín mar bhall de Chonradh na Gaeilge. Ba gharmhac de Lord Brookeborough é. Ba í a shean aintín Róis Máire Ní Ógáin - Maud Young, a scríobh an Duanaire Gaedhilge. Bhí sí ina cónaí i gcaisleán Galgorm i Ballymena i gContae Aontroma, baile an-ghaelach. Bhí seo go léir ag dul ar aghaidh le Conradh na Gaeilge - Aontachtaithe, Náisiúnaithe agus gach duine ag obair le chéile. Ansin, i 1912, tháinig an pholaitíocht isteach agus d'imigh siad. Ansin bhí rudaí ag teacht le chéile arís agus bhí daoine eile ag teacht ar bord. Luaigh an Seanadóir Barrett oirthear Bhéal Feirste, áit a bhfuil an teanga ag teacht ar ais. Ach, bhí tamall ann, 30 bliain, ina raibh an teanga mar chnámh spairne polaitíochta. Bhí dream amháin ag iarraidh an teanga a fhuadach agus nuair a tharlaíonn sin, is í an teanga a bhíonn thíos leis. Caithfimid an pobal ar fad a thabhairt linn agus aontaím leis an bpointe sin.

Maidir leis an mórshiúl a bhí ann Dé Sathairn ag Conradh na Gaeilge. Cuirim fáilte roimh aon tacaíocht atá le fáil ag an teanga - aon áit. Ar a laghad, léiríonn an mórshiúl a bhí ann go bhfuil dea-mhéin, dea-thoil agus tacaíocht don teanga amuigh i measc an phobail. Is rud iontach é sin. B'fhéidir gurb é an t-aon ábhar dabht atá agam ná gur mór an trua é nach raibh an mórshiúl ann deich mbliain nó 20 bliain ó shin, mar aon easnamh atá sa tseirbhís phoiblí i láthair na huaire maidir le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge i gcoitinne, níor tharla sé sin ó rinneadh Aire Stáit díomsa. Fágadh agam é mar uacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.