Seanad debates
Thursday, 20 February 2014
An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint
1:40 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba chóir dom a rá i dtosach báire - tá súil agam nach bhfuil aon choimhlint leasa agam sa cheist seo - go bhfuil gaol ag Rónán Ó Domhnaill le mo bhean chéile. Agus é sin ráite, ní raibh eolas dá laghad agam go raibh iarratas déanta aige, nó go raibh baint ar bith aige leis an gceapachán, go dtí gur chuala mé ar Raidió na Gaeltachta go raibh sé le ceapadh. Fear uasal agus duine den scoth é Rónán Ó Domhnaill. Is iriseoir den chéad scoth é freisin. Tá sár-obair déanta aige. Is fear meáite, ciallmhar é. Níl aon dabht orm ná go ndéanfaidh sé fíor-jab mar Choimisinéir Teanga.
Is údar mór díomá dúinn é go bhfuil coimisinéir nua á cheapadh ag an bpointe seo. Rinne an Coimisinéir Teanga a bhí againn, Seán Ó Cuirreáin, sár-jab. Fear den scoth é freisin. Rinne sé éacht nuair a ceapadh é go dtí an ról nua seo. Fáiltímid agus tacaímid roimh an rún le Rónán Ó Domhnaill a cheapadh, ach ní bheadh sé ceart an ócáid seo a ligean tharainn gan aghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna ar a dhírigh Seán Ó Cuirreáin mar chúiseanna nuair a dúirt sé go raibh sé chun éirí as a phost. Rinne sé cáineadh an-láidir ar an Aire Stáit agus ar an Rialtas, agus déanaimse féin an cáineadh céanna.
No comments