Seanad debates

Wednesday, 12 February 2014

Death of Former Member: Expressions of Sympathy

 

11:10 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Is cuimhin liom, nuair a tháinig mé go dtí an Teach seo don chéad uair mar Sheanadóir, níos óige ná mar atá mé i láthair na huaire, go raibh Tom Fitzgerald anseo romham. Bhí orainn an-chuid a fhoghlaim faoin gcóras anseo sa Seanad ag an am agus is cuimhin liom gur tháinig Tom chugam agus go ndúirt sé liom dá bhféadfadh sé aon chabhair in aon chor a thabhairt dom, go mbeadh sé ar fáil aon am. Ar ndóigh, ghlac mé leis an gcabhair sin agus le comhairle uaidh chomh maith. An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná gur thuig sé go raibh cabhair den tsaghas sin ag teastáil ó Sheanadóir nua ag teacht isteach anseo. Chomh maith le sin, thuig sé dá mba rud é go raibh Seanadóir chun aon rud fiúntach a dhéanamh anseo, go gcaithfeadh sé tuiscint domhain a bheith aige ar an státcóras, an Seanad agus gach rud a bhaineann leis.

Ag féachaint siar anois ar bhóithrín na smaointe agus na rudaí a dhein Tom, i ngach a dhein sé bhí sé "díograiseach" agus "dílis" agus sin an dá fhocal a thagann chugam i gcónaí nuair a smaoiním ar Tom Fitzgerald. Bhí sé díograiseach mar thuig sé i gcónaí go raibh sé anseo toisc go raibh an pobal ag brath air chun rudaí áirithe a dhéanamh. Bhí sé i gcónaí oscailte ina thuairimí agus gach seans a bhí aige, bhí sé i gcónaí ar thaobh an duine a bhí thíos, dearcadh atá tábhachtach i gcónaí. Bhí tuiscint aige ar chonas is féidir rudaí a dhéanamh. Dar ndóigh, baineann sin linn uilig. Muna bhfuil muid in ann dul i ngleic le deacrachtaí a thagann chun tosaigh nuair a bhíonn muid anseo agus muna dtuigeann muid conas labhairt le na daoine cearta, ní bheidh aon torthaí ar ár gcuid oibre. Thuig Tom é sin go maith agus gach seans a bhí aige, sheas sé an fód, ní hamháin ar son an tSeanaid ná ar son an phobail, ach de bharr an tuiscint a bhí aige ar chad ba chóir a dhéanamh.

Bhí an-áthas orm go raibh an comhrá eadrainn beagnach i gcónaí trí Ghaeilge, mar bhí ard-mheas agus grá aige don dúchas as a tháinig sé agus dá chontae, Contae Chiarraí, agus do na Ciarraígh beannaithe ar fad a bhí thar timpeall ag an am sin. De bharr go raibh an grá sin aige do Chontae Chiarraí agus dá dúchas, bhí dóchas aige don tír uilig. Dúradh cheana féin gur iascaire den scoth a bhí ann. Thuig sé go maith céard iad na dúshláin a bhí ag iascairí, ní hamháin i gCiarraí, ach in áiteanna eile chomh maith, mar bhí cultúr faoi leith ag baint le iascaireacht, faoi mar atá cultúr faoi leith ag baint le feirmeoireacht. Thuig sé an cultúr sin. Bhí iascairí a bhí ag brath ar maireachtáil a bhaint amach dóibh féin agus níl aon amhras ach go raibh Tom ann i gcónaí chun a gcás a chur chun tosaigh. Mar is eol dúinn, ní raibh sin ró-shimplí a dhéanamh.

Luaigh an Ceannaire níos luaithe gur dlúth cara é Tom le C.J. Haughey agus bhí sin fíor. Bhí Tom thar a bheith bródúil as an gcairdeas sin agus bhí sé oscailte faoin gcairdeas sin chomh maith. Gach uair a ndeachaigh an tUasal Ó hEochaidh go Ciarraí, ba é Tom a bhuail leis i dtosach, ní hamháin ar an oileán, ach i nDaingean Uí Chúis chomh maith. Ag aon searmanas nó ócáid, bhí Tom ag seasamh lena thaobh. Déarfainn gur thug sin an-mhisneach don Uasal Ó hEochaidh féin. Nuair a bhí deacrachtaí pearsanta aige, sheas Tom leis. Sin an díograis agus an dílseacht a bhí ann.

Tá aithne an-mhaith agam ar Bridie agus bhuaileamar le chéile Dé hAoine seo caite thíos i gCorcaigh ag ócáid Ghaelach a bhí thar a bheith suimiúil. Bhí an-áthas orm go raibh seans agam labhairt léi agus is trua nach raibh seans níos mó agam. Tuigim chomh maith an tslí inar oibrigh an bheirt acu, Tom agus Bridie, le chéile, mar ní bheadh Tom in ann an t-am a thug sé dá phost anseo a dhéanamh ach amháin go raibh an tacaíocht aige a thug Bridie agus an chlann dó.

Tá mise agus Fianna Fáil thar a bheith mórálach as Tom Fitzgerald mar chara agus mar chomhghleacaí. Tá a fhios maith agam, nuair a bhíonn agus nuair a bheidh daoine cosúil le Tom Fitzgerald in éineacht linn agus ar ár dtaobh, go dtugann sin misneach dúinn leanúint ar aghaidh. Tuigeann gach éinne nach saol bog é an saol polaitiúil ar aon bhealach. Bíonn an-chuid dúshlán romhainn agus an-chuid cruachás chomh maith, ach nuair a bhíonn comhghleacaithe againn atá ag obair as lámh a chéile agus nuair is féidir linn muinín a bheith againn astu, bíonn an obair i bhfad níos simplí.

Sin mar a bhí an scéal le Tom Fitzgerald. Ní dóigh liom go ndéanfar dearmad riamh ar an bhfear, ar na prionsabail a bhí aige ná ar an seasmhacht a bhain leis. An fhad agus a bheidh béaloideas ag baint leis an tsaol phoiblí, beidh ainm Tom Fitzgerald ag teacht ar aghaidh arís agus arís eile sna scéalta sin chomh maith.

Is mian liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le Bridie agus leis an gclann uilig. Is féidir leo a bheith thar a bheith mórálach as an laoch mór sin a sheas ní hamháin le Fianna Fáil agus an Seanad, ach leis an náisiún ar fad. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.