Seanad debates

Tuesday, 11 February 2014

3:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I agree with those Senators who have spoken of their disappointment about the Thursday sittings. Could the Leader forward a list to us of the engagements that each of the Ministers and Ministers of State had last Thursday so that we could see what was more pressing for them than coming to the Seanad? It might be quite enlightening.

Ba mhaith liom freisin tréaslú le Rónán Ó Domhnaill, atá ainmnithe inniu mar an té atá an Rialtas ag roghnú maidir le háit an Choimisinéir Teanga a ghlacadh. Táim an-cháinteach ar an Rialtas maidir leis an chaoi a bhfuil sé tar éis an cheist seo a láimhseáil, ach caithfidh mé a rá go bhfuil ard mheas agam ar obair Rónán Ó Domhnaill agus ar an obair atá déanta aige mar chomhfhreagraí polaitíochta sna Tithe seo agus guím gach rath air insan ról nua. Ach, sílim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil sé ainmnithe i gcóir ról a bhfuil fabhtanna móra fós ag baint leis. Ní raibh aon díospóireacht againn sa Teach seo maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla ná na ceisteanna a d'ardaigh Seán Ó Cuirreáin mar Choimisinéir Teanga.

Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht agus tá súil agam go bhfuil muid le seachtain iomlán de dhíospóireachtaí trí mheán na Gaeilge a bheith againn anseo, ní hamháin faoi chúrsaí Gaeilge, ach trí mheán na Gaeilge faoi chúrsaí eile, ar nós sláinte, cúrsaí leasa shóisialaigh agus mar sin de. Táim ag iarraidh go dtabharfaidh an Ceannaire léargas dúinn faoi chéard iad na pleananna a bheidh ar bun maidir le Seachtain na Gaeilge.

Tá géarghá fós, má tá Coimisinéir Teanga nua le bheith i bhfeidhm, go rachfaidh an Rialtas i ngleic leis na deacrachtaí a léirigh Seán Ó Cuirreáin agus é ag imeacht ón bpost, mar ní fheicim go bhfuil aon athrú tagtha ar pholasaí an Rialtais ina leith siúd ná go mbeidh aon seans ag an duine nua atá sa ról an jab a dhéanamh ar bhealach níos fearr ná mar a bhí Seán Ó Cuirreáin. Mar sin, b'fhéidir go b'fhéadfadh muid díospóireacht a bheith againn chomh luath agus is féidir maidir le ról an Choimisinéir Teanga agus Acht na dTeangacha Oifigiúla. An dtabharfaidh an Ceannaire léargas dúinn maidir le díospóireachtaí eile trí mheán na Gaeilge a bheidh againn sna Tithe seo i gcóir Seachtain na Gaeilge?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.