Seanad debates
Wednesday, 18 December 2013
Water Services (No. 2) Bill 2013: Report Stage (Resumed) and Final Stage
1:45 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom tacú leis an leasú seo, ar na cúiseanna céanna le mo chomhghleacaí an Seanadóir Cullinane. Táimid tar éis cuid mhaith díospóireachta a dhéanamh faoin mBille seo agus dá mhéid díospóireachta atá déanta, is ea is mó ceisteanna atá ardaithe faoi. Ach an oiread le mo chomhghleacaí, táim an-bhuíoch don Aire faoi fhanacht anseo don díospóireacht ar fad, ach sílim go bhfuil an díospóireacht tar éis a léiriú go bhfuil deacrachtaí bunúsacha leis an mBille seo. Dá bhrí sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go mbeadh an Bille ag teacht faoi An tAcht um Shaoráil Faisnéise, mar beidh ceisteanna go leor le cur. Sílim go mbeidh deacrachtaí le Uisce Éireann agus go mbeidh ceisteanna maidir leis an Rialaitheoir agus an gaol idir iad. Sílim go mbeidh ceisteanna an-mhóra maidir leis an aistriú sochmhainní anonn agus anall idir na comhairlí contae agus Uisce Éireann.
Ní dóigh liom gur ceisteanna iad seo a bhfuil daoine ag ardú ar mhaithe le bheith dána nó aon rud mar sin. Is ceisteanna dáiríre atá iontu. I ndeireadh thiar thall, nílimid ag caint ar na milliúin anseo, ach ar na billiúín d'airgead cáiníocóirí. Tá sé fíor tábhachtach go mbeidh trédhearcacht ó thaobh an chaoi a bhfuil airgead Stáit dhá chaitheamh, ó thaobh an chaoi a bhfuil seirbhísí dhá thabhairt agus mar sin de. Ní hamháin go bhfuil na ceisteanna sin ardaithe anseo againne, tá siad dhá ardú sna meáin, ag státsheirbhísigh sinsearacha sa Stát, agus tá siad ardaithe linne, sula dtáinig muid ag an díospóireacht seo, ag ár gcuid comhairleoirí contae i gceantair éagsúla. Dá bhrí sin, sílim go bhfuil géarghá go mbeadh An tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm ón gcéad lá, má tá seans dá laghad le bheith ag Uisce Éireann.
Thug an tAire moladh dúinn gur ceart dúinn a bheith ag cur síos na ceisteanna anseo agus á dtarraingt isteach os comhair na fo-choistí, ach i ndáiríre píre, tuigeann an tAire, ó bheith mar Theachta ar an bhFreasúra, go minic nuair a thagann na feidhmeannaigh seo os comhair na coistí Dála, go bhfuil siad an-mhaith ar fad gan a bheith ag freagairt ceisteanna. Tugann siad freagraí agus imíonn siad anonn agus anall agus go minic ní bhfaigheann muid an t-eolas. Le go leor de na rudaí is suntasaí atá faighte amach maidir le eagrais Stáit anuas tríd na blianta, is tríd An tAcht um Shaoráil Faisnéise a tharla a leithéid.
Ar an dtaobh eile, cuirfinn ceist ar an Aire cén dochar atá ann é seo a chur san Acht. Cén dochar a bheadh ann? Ní dhéanann sé docha dá laghad. Ní bheadh costas breise ar bith ar an Stát má chuireann an tAire seo isteach san Acht. Ní fhéadfadh sé ach leas a dhéanamh. Deireann an tAire go bhfuil sé ar son trédhearcachta, oscailteachta agus nach mbeadh aon rud dá cheilt anseo nó nach gceapfadh daoine go bhfuil rud éigin á cheilt. Má choinníonn an tAire amach an leasú seo, beidh daoine ag iarraidh a fháil amach céard atá le ceilt ag Uisce Éireann. Níor mhaith linn go dtarlódh sé sin.
Táimid buíoch don Aire faoin am a chaith sé linn ar an díospóireacht seo ar fad.
No comments