Seanad debates

Monday, 16 December 2013

Water Services (No. 2) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)

 

9:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá a fhios agam gur phléamar an t-ábhar seo an lá deireanach. Tá eolas breise tagtha chugam ó shin i leith maidir leis na fostaithe i gcomhairle contae áirithe. Tuigtear dom gur chuir siad aighneacht isteach chuig an Aire Stáit maidir leis an bpléchápiéis a chuir an Roinn amach. Tá suas le 200 duine fostaithe faoi sheirbhísí uisce sa chontae seo. Tá imní orthu faoin gcaoi ina bhfuil siad le haistriú trasna ó áit amháin go háit eile. Cén uair a tharlóidh sé sin? Cén próiseas a bheidh i bhfeidhm? B'fhéidir go dtabharfadh an tAire Stáit soiléiriú dúinn faoin chaoi ina bhfuil an próiseas idir Uisce Éireann agus comhairle chontae faoi leith ag feidhmiú. Tá imní orm ó thaobh ceist a d'ardaigh an Seanadóir Ó Domhnaill an lá faoi dheireadh. D'iarr sé an mbeadh íocaíocht iomarcaíochta nó redundancy payment le fáil ó eagraíocht amháin ag deireadh an phróisis. Dúirt an tAire Stáit nach mbeadh i gceist ach aistriú trasna - cineál transfer of undertakings. Tá imní ar daoine i dtaobh a gcearta ceardchumainn. Is mian leo go mbeidís á n-aistriú trasna ar na coinníollacha céanna agus atá siad fostaithe faoi láthair. An transfer of undertakings, sa chomhthéacs dlíthiúil, atá i gceist anseo, nó an mbeidh conradh nua i bhfeidhm? Dúirt an tAire Stáit freisin gur féidir le fostaithe áirithe aistriú trasna láithreach más mian leo, agus go mbeidh an chuid eile acu ag fanacht 12 bliain go dtí go n-aistreofar trasna iad. Breathnaíonn an rud an-scaoilte. Tá an cheist seo á phlé agam i gcomhthéacs an aighneacht atá déanta ag comhairle contae faoi leith nach bhfuil soiléir air ag an bpointe seo. Tá an Nollaig buailte linn arís agus tá an t-aistriú seo le tarlú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.