Seanad debates

Tuesday, 10 December 2013

Water Services (No. 2) Bill 2013: Committee Stage

 

5:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, ní thuigim cén fáth go gcuirtear an cheist seo i dtaobh an Bhille seo. Tuigim go bhfuil fadhbanna faoi leith i gContae Dún na nGall. Má chuireann an Seanadóir na ceisteanna chuig an comhairle contae nó chugamsa, déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt dó.

Maidir le na hargóintí a bhí ag an Seanadóir Ó Clochartaigh, tuigim an pointe polaitiúil atá á dhéanamh aige, ach an pointe bunúsach atá againne ná nach bhfuil aon phríomháidiú ar siúl anseo. Níl seans ar bith go mbeidh éinne in ann greim a thógaint ar an asset seo ná é a ghoid ó mhuintir na hÉireann. Tá an cumhacht ag imeacht ó na comhairlí contae agus na cathracha agus na bailte móra go Uisce Éireann, ach níl sé ag dul aon áit eile. Táimid ag treisiú an Bhille seo le leasú - sílim i leasú Uimhir 78 - agus beidh an Seanadóir in ann díriú ar an ábhar seo ag an am sin. Ná bíodh aon fhaitíos ar an Seanadóir amach as seo. Ní bheidh aon duine ná aon Rialtas in ann Uisce Éireann a phríomháidiú gan Bille nua a chur os comhair na Dála agus an tSeanaid agus gan an tromlach a bheith acu le athrú a dhéanamh. Is mar sin atá le gach rud eile mar seo. Táimid ag cur amendment nua sa Bhille anocht chun tuairim láidir an Rialtais ar seo a threisiú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.