Seanad debates

Tuesday, 10 December 2013

Water Services (No. 2) Bill 2013: Committee Stage

 

4:50 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá, mar tá an tAire ag iarraidh aistriú a dhéanamh ó na comhairlí áitiúla go dtí Uisce Éireann agus lena chois sin tiocfaidh na méadair, na costais agus na táillí - táillí a bheidh lom díreach mar a chéile do chuile duine trasna na tíre. An pointe atá á dhéanamh agam sa gcomhthéacs níos leithne ná gur sin fáth, i bprionsabal, go bhfuil muid i gcoinne go n-aistreofaí an rud seo. I gcomhráite a bhí agam le cuid de na comhairlí áitiúla, ba léir nach raibh siadsan ró-shásta go mbainfí an cúram seo díobh agus nach mbeadh smacht acu ar an chúram seo níos mó. Is léir go bhfuil an cúram áitiúil níos fearr.

Tá imní amuigh ansin. Táimid tar éis sampla an HSE a fheiceáil. Tá a fhios agam go ndéarfaidh an tAire Stáit nach ionann an dhá chás, ach táimid tar éis an rud céanna a fheiceáil ó thaobh lárnú seirbhísí in aon rud mór amháin. Táimid tar éis cloisint ó na hAirí éagsúla go mbeidh na seirbhísí i bhfad níos fearr agus níos éifeachtaí. Tá an rud céanna feicthe againn le SUSI agus le cártaí leighis - go bhfuil deacrachtaí ollmhóra nuair a cuirtear gach rud in aon láthair amháin. Is ar an mbunús sin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.