Seanad debates

Thursday, 5 December 2013

10:50 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an-díomá orm go pearsanta go bhfuil Seán Ó Cuirreáin ag éirí as a phost mar Choimisinéir Teanga. Is duine an-chumasach agus an-mhacánta é. Sheas sé an fód ar son na Gaeilge le dínit i gcónaí. Níor chothaigh sé conspóid d'aon ghnó - ionas go mbeadh conspóid ann - riamh. Is cinnte go mbeidh díomá ar an-chuid daoine sa náisiún seo. Is drochlá don Ghaeilge é agus is drochlá don náisiún é. Is droch-ullmhúcháin é do chomóradh Éirí Amach na Cásca. Cuireann sé ionadh orm nach raibh sé ar ár gcumas trí chomhchainteanna é a chur ar a shuaimhneas sa phost. Tá sé tar éis a léiriú nach raibh sé sásta toisc nach raibh comhoibriú á fháil aige.

Ní gá dúinn argóint a dhéanamh faoi seo. Tá an rud seo tar éis tarlú. Tá sé tábhachtach dúinn mar Sheanadóirí ár ndícheall a dhéanamh a chinntiú nach ndéanfar truailliú ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Bhí mé an-mhórálach sa Teach seo nuair a bhí an straitéis á phlé againn. Bhí an-áthas orm freisin nach raibh polaitíocht i gceist. Ritheadh an straitéis sin agus glacadh leis d'aon ghnó. Tá sé sin tábhachtach i gcónaí i gcomhthéacs na Gaeilge. Tá dea-thoil i measc an phobail don Ghaeilge. Ní raibh sé mar sin sna 1950í nó, b'fhéidir, sna 1960í. Tá dea-thoil ann anois, go mórmhór i measc daoine óga. Tá daoine thar a bheith mórálach go bhfuil teanga againn anseo. Ní gá ach féachaint ar na gaelscoileanna - tá scuainí ag iarraidh dul isteach iontu an t-am ar fad - nó ar an obair iontach atá á dhéanamh ag TG4. Ba cheart dúinn smaoineamh ar an gcúlra sinn.

Fear macánta, éifeachtach agus cumasach is ea Seán Ó Cuirreáin - ní dóigh liom gur ghlac sé leis an gcinneadh seo go héadrom. Tá súil agam go mbeidh díospóireacht fhorleathan againn sa Teach seo. Ní leor an t-ábhar seo a phlé sa chuid seo den lá. I appeal to the Leader to afford us an opportunity to discuss this matter. I am all against partisanship and politics when it comes to the language because the language belongs to everyone. We proved it here in all our debates. I ask the Leader to give us an opportunity to debate this calmly, quietly and effectively because it needs to be done for the future of the language, the 20 year strategy and the morale of the people.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.