Seanad debates
Thursday, 5 December 2013
Order of Business
10:40 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá mé ag iarraidh a rá cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach go dtarlódh an díospóireacht inniu. Dúirt an Coimisinéir Teanga inné go bhfuil "trí cheathrú de na scéimeanna teanga ... ligthe in éag", go bhfuil an chuid is mó acu lochtach, go bhfuil ag teip ar pholasaí earcaíochta an Stáit seo agus go mbeidh teip iomlán ar an bpolasaí nua atá á chur i bhfeidhm ag an Aire, an Teacht Howlin, faoi láthair. Bhí ardmhuinín ag pobal agus saol na Gaeilge sa Choimisnéir Teanga. Bhí ardmheas acu ar an obair atá á dhéanamh aige. Is léir dom sa mhéid atá fógartha aige gur beag muinín atá ag aon duine atá ag plé le pobal agus saol na Gaeilge sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, i gcur i bhfeidhm an Rialtais nó, dá bhrí sin, san Aire Stáit é féin ach go háirithe. Ba chóir go dtiocfadh sé isteach - tá súil agam go dtarlóidh sé sin - agus go ndéarfaidh sé go bhfuil sé i gceist aige féin éirí as, ós rud é go bhfuil teip iomlán á dhéanamh aige sna dualgais atá aige.
No comments