Seanad debates

Thursday, 5 December 2013

10:40 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I am. Ba mhaith liom a mheabhrú dóibh gur fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inné go bhfuil sé ag éirí as. Ní CEO ar eagraíocht Stáit atá i gceist anseo. Is ról ombudsman atá i gceist. Go bhfios dom, is é seo an chéad uair i stair an Stáit go raibh ar ombudsman, nó duine sa ról sin, éirí as a gcuid dualgais ar bhunphrionsabail mar nach raibh an tacaíocht chuí á fáil aige nó aici ón Stát. Tá sé ag éirí as mar gheall go bhfuil na heagrais Stáit, na hAirí Stáit agus na hAirí Rialtais ag déanamh neamhshuim don dlí agus d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is mór an náire don Rialtas é. Ní hé an t-ombudsman ab chóir dó bheith ag fógairt go bhfuil sé ag éirí as - ba chóir go mbeadh an tAire Stáit na Gaeltachta, an Teachta McGinley, ag rá go bhfuil sé ag éirí as. Tá sé seo náireach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.