Seanad debates

Thursday, 5 December 2013

10:40 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé fíorthábhachtach agus fíor-riachtanach go mbeadh díospóireacht againn ar an gcinneadh atá déanta ag Seán Ó Cuirreáin éirí as a chuid dualgais mar Choimisinéir Teanga an Stáit seo. Lá dubh dorcha atá ann don Ghaeilge agus don Stát. Bhí na dualgais seo ar an gcoimisinéir ó mhí Feabhra 2004, ach tá sé ag éirí as anois de bhrí go bhfuil easpa tacaíochta agus easpa dáiríreachta ag teacht ón Rialtas i dtaca lenár dteanga dhúchais. Tá an cheist seo ardaithe agam ar Riar na hOibre sa Seanad le roinnt míonna anuas. Dúirt mé go raibh gá ann plé a dhéanamh ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, ag cur san áireamh an easpa oibre atá á dhéanamh ag an Rialtas seo leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a chosaint i gcóras Stáit na tíre seo. Ní féidir liom focail a chur ar an bhfearg atá orm inniu i dtaca leis an dóigh ina bhfuil an Rialtas agus na córais Stáit ag caitheamh leis an nGaeilge. Tá obair déanta le deich mbliana anuas ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur le chéile agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú. Tá sé soiléir anois go bhfuil an Rialtas seo ag caitheamh go holc le pobal na Gaeilge agus le pobal na Gaeltachta. Tá na scéimeanna Gaeilge go léir gearrtha. Tá an t-airgead go léir gearrtha. Tá an daonlathas sa Ghaeltacht gearrtha de bhrí nach bhfuil aon toghchán ann do bhord Údarás na Gaeltachta. Tá an tacaíocht airgid atá ar fáil do pháistí le Gaeilge a fhoghlaim curtha ar leataobh. Tá sé sin go léir curtha in iúl ag an gcoimisinéir ina mhíshástacht-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.