Seanad debates

Wednesday, 13 November 2013

Death of Former Member: Expressions of Sympathy

 

11:45 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Is mór an onóir dom a bheith in ann seasamh anseo agus ómós a thabhairt d'fhear uasal, ildánach. Chas mé leis roinnt uaireanta agus an rud a théadh i gcion ar dhuine faoi ná gur duine uasal ceart a bhí ann, duine a labhródh le chuile duine. Fáiltím go háirithe roimh Lailli atá anseo inniu. Is breá an rud duine éigin eile as an gCeathrú Rua a fheiceáil anseo sa Seanad.

Tá sé ráite ag mo chomhleacaithe romham cé chomh ildánach agus a bhí Eamon, ach ó mo thaobh féin de, chuir mise aithne air mar Ghaeilgeoir paiseanta agus mar cheoltóir den chéad scoth. Tá trácht nach beag déanta ar a bhfuil déanta aige ó thaobh na scannánaíochta, ó thaobh leabhair, mar údar, agus maidir leis an chaoi a ndeachaigh sé i gcion ar aosóg na hÉireann trí chéile ó thaobh an ceannródaíocht a bhí aige mar scannánaí dúlra. Mar dhuine a chaith tréimhse ag plé le cúrsaí teilifíse, sílim gur ceann de na dúshláin is mó atá ann ná scannán a dhéanamh faoi chúrsaí dúlra. Tá smacht ag duine ar chúrsaí reatha agus ar chúrsaí drámaíochta, ach le cúrsaí dúlra tá an duine ag brath ar na hainmhithe a bheith ag imirt an cluiche leis. Tógann sin foigne damanta agus scil faoi leith. Ceapaim nach n-aithnítear an scil a bhaineann le scannánaíocht dúlra agus cé chomh ceannródaíoch agus a bhí Eamon sa réimse sin, mar gheall ar a fhoighne agus an dua a bhain le sin. Ní hamháin sin, ach rinne sé éascaíocht ar an eolas seo d'aosóg na hÉireann agus muintir na hÉireann trí chéile, tríd na leabhair a d'fhoilsigh sé agus mar sin de.

Bhí baint nach beag ag Eamon le cúrsaí ceoil. Tharla gur éirigh liom dul chuig an tórramh i gCill Mhantáin agus bhí sé ar nós dul chuig ceolchoirm. Bhí sé go hálainn ar fad agus bhí ceoltóirí móra na tíre ar fad i láthair le ceol agus amhrán in ómós dó. Ba léir ó na deora a bhí á sileadh ag daoine an oíche chéanna agus ón gáire a bhí acu chomh maith an oiread meas agus ómós a bhí acu don obair a bhí déanta ag Eamon ó thaobh an cheoil de. Bhí sé gníomhach i mbunú Cheoltóirí Chualann agus Ceoltóirí Laighean. Rud eile a tháinig trasna tríd a raibh le feiceáil an oíche sin ná nach fear é Eamon a choinneodh a chuid buanna agus scileanna aige féin. Ba fear é a roinn a chuid scileanna agus eolas le gach duine a bhí timpeall air. Ba léir go ndeachaigh sé i gcion ar go leor ceoltóirí óga, ó thaobh cé chomh hoscailte agus a bhí sé a chuid fonn a roinnt agus a chuid eolas a roinnt ó thaobh casadh na huirlisí agus mar sin de. Is mór an méid é sin.

Ba fear mór bádóireachta a bhí ann chomh maith. Bhí an-ghean aige ar húicéirí na Gaillimhe agus ar an seoltóireacht traidisiúnta agus ba mhinic é le feiceáil ag seoltóireacht. Go deimhin, tá sin le feiceáil fós ina chlann agus ina mhac Cian agus an clann ar fad a théann amach ag seoltóireacht sna báid móra. Bhí baint mór aige leis an cultúr sin a chaomhnú agus a neartú agus leis na báid sin a dhéanamh suas agus a choinneáil ag seoladh. Dá bhrí sin, tá sé spéisiúil go raibh duine den ildánacht sin anseo sa Seanad. Sílim go léiríonn sin ceann de na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le Seanad Éireann, go mbeadh daoine in ár láthair atá in ann dearcadh éagsúil a thabhairt ar an saol, atá in ann saibhreas a thabhairt leo ó thaobh cúrsaí cultúr, cúrsaí teanga, cúrsaí nádúir agus araile. Cinnte, níl aon dabht faoi, fad agus a bhí Eamon anseo, gur thug sé leis é sin.

Thar mo cheann féin, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Lailli as ucht teacht anseo inniu agus ár gcuid smaointí a thabhairt don chlann ar fad go mba mhór an gift é Eamon de Buitléar do mhuintir na hÉireann. Táim cinnte go mba mhór an gift é don chlann chomh maith. Ba seod náisiúnta é i ndáiríre píre, leis an obair a rinne sé. Tá sé fíor nach mbeidh a leithéid arís ann. Beidh daoine cosúil leis, a dhéanfaidh rudaí éagsúla, ach duine faoi leith a bhí ann. Aon uair a chas mise leis, meangadh gáire a bhí aige.

Ní raibh an t-uafás aithne agam air, ach aon uair a chas mé leis, ba dhuine an-sóisialta, an-deas, an-chabhrach agus an tacúil a bhí ann. Is mór an pribhléid a bheith in ann a bheith anseo inniu le buíochas a ghlacadh leis as an méid a rinne sé agus le ómós a thaispeáint don mhéid a thug sé dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.