Seanad debates

Thursday, 11 July 2013

Adjournment Matters

Pupil-Teacher Ratio

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Baineann sé seo le scoil aon-oide - Scoil Cholmcille ar Oileán Thoraigh. Is é príomhoide na scoile an t-aon múinteoir amháin sa scoil. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, is é an príomhoide an t-aon duine atá istigh sa scoil ó lá go lá ar bhonn lánaimseartha. Dúirt cathaoirleach an bhoird bhainistíochta, an tAthair Seán Ó Gallchóir, go bhfuil sé seo ag teacht salach ar gach dea-chleachtas maidir le cúram páistí. D'iarr an bord bainistíochta ar an Roinn an dara duine - múinteoir nó cúntóir teanga - a cheadú, ach ní raibh aon toradh ar na hiarrachtaí sin. Tháinig an ceist chéanna aníos anuraidh. Tá lucht bhord bainistíochta na scoile chomh cinnte go bhfuil an dara duine ag teastáil sa scoil go gcuireann siad an dara cúntóir ar fáil amach as a gciste airgid féin. Tá ceist chúram leanaí anseo. Tá a fhios agam gur ghlac na ndaoine leis an moladh a chur an Rialtas os comhair phobal na hÉireann i reifreann na bliana seo caite chun cearta a thabhairt do leanaí na hÉireann.

Tá Scoil Cholmcille bunaithe ar Oileán Thoraigh, aon mhíle déag amach ó chósta Dhún na nGall. Níl aon deis eile ag na páistí seo ach freastal a dhéanamh ar an scoil sin. Dá bhrí sin, níl an scoil nó an bord bainistíochta sásta nach bhfuil siad in ann an dara oide a fháil ón Roinn. Tuigim go bhfuil roinnt scoileanna eile ar fud an Stáit sa suíomh céanna agus a bhfuil an scoil seo; sé sin, nach bhfuil ach aon oide ann. Measaim go trom gur chóir go mbeadh dualgas ar an Roinn Oideachais agus Scileanna beirt mhúinteoirí, ar a laghad, a chur ar fáil i gcónaí.

This matter refers to Scoil Cholmcille on Oileán Thoraigh, which is a one-teacher school with 11 pupils. It is totally unacceptable the Department of Education and Skills does not approve a classroom assistant or second teacher for such schools. The school is on an island with a population of approximately 160 people, 11 miles off the Donegal coast. As many as 20 other schools in the State have only one teacher. It is not the right practice from a child safety and protection point of view or from the point of view of the educational advancement of the children. It is incompatible that one teacher is expected to teach eight classes in one school building.

Tá súil agam gur féidir leis an Aire Stáit rud éigin a dhéanamh faoi seo. Tá achainí déanta ag príomhoide an bhoird bhainistíochta chuig an Roinn le déanaí ag lorg go mbeidh an dara múinteoir curtha ar fáil. Tuigtear dom nach bhfuil ach roinnt bheag de na scoileanna seo ar fud na tíre. Costas beag a bheadh i gceist an dara post a chur ar fáil san scoileanna seo. Tá súil agam gur féidir é sin a dhéanamh sula rachaidh na páistí seo ar ais ar scoil i mí Mheán Fómhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.