Seanad debates

Wednesday, 10 July 2013

An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Céim an Choiste (Atógáil) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)

 

10:15 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail) | Oireachtas source

Baineann alt a haon leis an sainmhíniú ar "an lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann". Níl a fhios agam an bhfuil an téarma ceart in usáid san alt seo. Tá a lán roghanna againn sa chomhthéacs seo, os rud é go ndéanfar go leor athruithe eile ar an mBunreacht má éiríonn le togra an Taoisigh. B'fhéidir gur cheart don alt seo, nó an sainmhíniú seo, tagairt a dhéanamh do na hathruithe bunreachtúla atá le déanamh ar Airteagal 12, nó Airteagal 13, nó Airteagal 14, nó Airteagal 15, nó Airteagal 18, nó Airteagal 19, nó Airteagal 20, nó Airteagal 21, nó Airteagal 22, nó Airteagal 23, nó Airteagal 24, nó Airteagal 25, nó Airteagal 26, nó Airteagal 27, nó Airteagal 28. Tiocfaidh mé ar ais go dtí Airteagal 27 os rud é go bhfuil scrios á dhéanamh air. Tá na hathraithe sin go léir á dhéanamh sa Bhunreacht. Ní hamháin go bhfuil an Rialtas chun deireadh a chur leis an Seanad ach tá sé chun na hathraithe sin go léir a dhéanamh don mBunreacht. Má tá an Rialtas ag rá, sa sainmhíniú atá anseo maidir leis an lá a cuirfear deireadh le Seanad Éireann, níl sé ag tabhairt an phictiúir iomláin do mhuintir na tíre. Níl an Rialtas macánta le muintir na tíre mar tá i bhfad níos mó ag tarlú don mBunreacht seachas deireadh a chur le Seanad Éireann.

Baineann alt 1 leis an Sceideal, mar a deirtear:

San Acht seo, tá le "an lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann" an bhrí chéanna atá leis sa leasú a dhéantar le halt 2.
Sa Bhéarla deirtear:
In this Act, "the abolition day" has the same meaning as it has in the amendment made by section 2.
Nuair a théitear go dtí Sceideal 1, Cuid 1 agus Cuid 2, feictear difríochtaí idir an téacs Gaeilge agus an téacs Béarla. Baineann Cuid 1 leis an nGaeilge agus Cuid 2 leis an mBéarla. Mar shampla, maidir le hAirteagal 19A, úsáidtear an aimsir fháistineach sa téacs Gaeilge. Deirtear:
Is é an lá dá dtagraítear i bhfo-alt 1° den alt seo an lá díreach roimh an lá a thiocfaidh Dáil Éireann le chéile den chéad uair tar éis an olltoghcháin do chomhaltaí de Dháil Éireann is túisce a bheidh ann tar éis an tAirteagal seo a achtú.
Sa leagan Béarla úsáidtear an aimsir láithreach:
The day referred to in subsection 1° hereof is the day immediately preceding the one on which Dáil Éireann first meets after the general election for members of Dáil Éireann that next takes place after the enactment of this Article.

Measaim go bhfuil difríocht bheag ansin agus déantar é arís sa sceideal níos faide síos. "D’ainneoin Airteagal 18.8 den Bhunreacht seo, ní bheidh aon olltoghchán do Sheanad Éireann ann tar éis an lánscoir ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAirteagal seo a achtú." Sa Bhéarla deireann sé: "Notwithstanding Article 18.8 hereof, no general election for Seanad Éireann shall take place after the dissolution of Dáil Éireann that next occurs [present tense instead of future tense as in the Irish version] after the enactment of this Article. Tá an-mhuinín agamsa as na daoine anois i Rannóg an Aistriúcháin agus is daoine an-mhaith iad, ach tá mé ag cur an ceiste sin don Aire. An bhfuil difríochtaí bheaga ansin idir an nGaeilge agus an Béarla agus an ceart ceartú a dhéanamh orthu sin. Thug mé iad faoi deara inniu agus má tá freagra ag an Aire maidir leis sin beidh mé lán tsásta agus má sé ceart tá sé ceart. Ní saineolaí mise sa Ghaeilge déanaim iarracht an Ghaeilge a úsáid anseo sa tSeanad, agus i ndáiríre an t-aon uair a chonaic mise díospóireacht anseo trí Ghaeilge nach raibh bainteach aici leis an nGaeilge nó an nGaeltacht bhí sé anseo sa Seanad maidir leis the Water Services Bill agus bhí an díospóireacht go léir as Gaeilge bhí mé fhéin agus an Seanadóir Ó Domhnaill agus an Seanadóir Ó Clochartaigh agus a tAire Ó Duadha ó Dhroichead Átha agus roinnt Seanadóirí eile agus bhí an díospóireacht anseo bhí cuid den díospóireacht as Gaeilge agus ba mhaith an rud sin go raibh muid ag caint as Gaeilge sa teach seo nuair nach rabhamar ag plé na Gaeilge nó ag plé na Gaeltachta. So I suppose, is rud tábhachtach é sin don tír seo agus do mhuintir na Gaeilge go mbeidh daoine anseo san Oireachtas ag plé rudaí trí Ghaeilge tríd an phríomh theanga sa bhunreacht agus ar ndóigh is féidir linn an tionchar sin a fheiceáil sa Bhille seo mar tá gá go mbeadh an Bhille seo curtha tríd an Oireachtas trí Ghaeilge agus trí Bhéarla agus tá cúis bunreachtúla leis sin.

So, tá rudaí ag tarlú agus tá sé deacair iad a fheiceáil an t-am ar fad agus caithfimid a bheith ana-chúramach cad a dhéanfaimid leis an mbunreacht nílimid go díreach ag cur deireadh leis an Seanad tá muid i ndáiríre ag pleidhcíocht leis an mbunreacht i mo thuairim-se. Ní raibh aon díospóireacht ar chor ar bith is dóigh liomsa maidir le Airteagal 27. Níl fhios ag a lán daoine cad is brí i ndáiríre le Airteagal 27. Ach tá slí san airteagal sin le reifreann a bheith againn sa tír seo i gcásanna áirithe agus níl aon díospóireacht maidir leis an airteagal sin sa díospóireacht seo, timpeall deireadh a chur leis an Seanad agus is trua sin.

Ach tá mise dóchasach go mbeidh a lán díospóireachta maidir leis an airteagal sin sa bhfeachtas atá romhainn. Mar is airteagal an-thábhachtach atá ansin agus is airteagal a thugann cumhacht dos na daoine agus measaim féin nach mbeidh na daoine ag iarraidh é sin thabhairt suas go héasca nó go furasta. Beidh siad ag iarraidh fháil amach cad é, cad atá ann, an mbeidh gá leis an airteagal sin sa todhchaí. Mar measaim-se féin go mb’fhéidir go mbeidh gá ag an airteagal sin nó airteagal ar nós é sin mar tá tromlach ollmhór ag an Rialtas ansin sa Dáil agus feictear cad atá ar siúl anocht sa Dáil agus ar maidin sa Dáil agus sa Seanad agus mar a dúirt mé cheana tá sé náireach go mbeadh an Rialtas ag déanamh é sin. Ach tá tromlach ana-mhór ag an Dáil agus ba cheart go mbeadh rud éigin ansin chun stop bheag a chur leis an tromlach sin. Nílimid ag iarraidh stop iomlán a chur leis an tromlach sin. Tá an tromlach sin ansin sa Dáil tar éis olltoghchán. So, dúirt na daoine agus chuir siad na vótaí ansin, tá muid ag iarraidh na daoine sin a bheith sa Dáil ach ag an am chéanna ceapaim-se féin go gcaithfidh smaoineamh eile a bheith ag Billí anseo sa Seanad. Sa Seanad bhí rudaí maidir leis an Bille Luachála measaim Evaluation Bill a bhí anseo maidir leis na rátaí gnóthúil agus cuireadh stop leis an mBille sin sa Seanad anseo mar bhí fadhbanna leis an Bille sin agus bhí an iomarca cumhachta ag dul isteach go dtí cuid, I suppose an bord achomhairc nó an appeals board ansin. Bhí an iomarca cumhachta ag dul ansin agus bhí ceisteanna bunreachtúla ag baint leis sin go mbeidh na daoine sin agus daoine an-mhaith a oibríonn ansin ach go mbeidh siadsan in ann cinneadh iomlán a dhéanamh maidir le rataí gnóthúil agus níor cheart é sin agus ní dheachaigh an Bille sin aon áit. Níor tháinig sé go dtí stáid an Choiste anseo sa Seanad mar go raibh sé stoptha agus measaim go bhfuil an Roinn an Aire ag féachaint ar an mBille sin arís. Ach ag an am chéanna coicís ó shin sa Dáil bhí an Taoiseach ag gearán maidir leis an Bille sin. D’fhreagair sé ceist maidir leis an mBille agus dúirt sé go raibh an Bille sa Seanad agus bhí sé ag rá is dócha go raibh an Seanad ag obair go mall agus bhí sé ag tabhairt é sin amach don phobal agus ní raibh sé sin ceart ar chor ar bith. Rinne an Seanad an rud ba cheart don Seanad a dhéanamh a bheith ag rá agus dúramar go bhfuil an Bille sin lofa agus go raibh fadhbanna ag an mBille agus go mba cheart stopadh agus go mba cheart athruithe a dhéanamh don Bhille. Níl mise chun leanacht ar aghaidh ach tá mé ag rá leis an gceannaire nach cheart níos mó ama a thabhairt don díospóireacht seo anocht ba cheart dúinn tosú arís ar maidin. Ba cheart do dhaoine dul abhaile agus téigh a choladh agus a bheith níos úire ar maidin. Níl sé ceart. I ndáiríre tá daoine ag titim a choladh agus níl aon mhilleán orthu tá siad tuirseach tá siad ag obair go dian ar fud an lae anseo. Tá mise ag titim a choladh mé féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.