Seanad debates

Wednesday, 10 July 2013

An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Céim an Choiste (Atógáil) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)

 

10:15 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail) | Oireachtas source

Measaim go bhfuil sé ró-dhéanach anois don Pharlaimint a bheith ina suí. Is í an chúis atá leis seo ná an Rialtas. Tá sé an intinn ag an Dáil suí go dtí a cúig ar maidin. Is dóigh linn go bhfuil sé i gceist go suífidh an Teach seo go dtí mean oíche. Feicim an Ceannaire ag caint leis an Aire Stáit, áfach, agus ní bheadh aon ionadh orm dá n-iarrfaí orainn suí ar feadh na hoíche. Má tá moladh den chineál sin á phlé idir an Aire Stáit agus an Ceannaire faoi láthair, is náireach an rud é. Tá na hábhair seo ró-thábhachtach le déileáil leo i rith na hoíche. Ní cás práinne é seo ar chor ar bith. D'fhógair an Taoiseach thart ar cheithre bliana ó shin go raibh sé i gceist aige deireadh a chur le Seanad Éireann. Tá sé náireach go bhfuil orainn déileáil leis anois, agus muid ag druidim le meán oíche nuair atá Baill an Tí agus foireann oibre an Tí traochta tuirseach. Bhí ceithre bliana ag an Taoiseach chun an moladh seo a chur chun cinn istigh anseo. Sa chomhthéacs sin, níl sé ceart nó cothrom go bhfuilimid ag plé leis i rith na hoíche. Níl sé féaráilte ar mhuintir na tíre seo go bhfuil an iomarca rudaí ag tarlú i rith na hoíche. Tá sé scríofa i gclár an Rialtais 2011, a cuireadh os comhair an phobail nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, nach raibh sé i gceist aon bhriseadh a thógaint le linn Oíche Shamhna nó ag tús mí an Mheithimh. Nuair a tháinig siad isteach, áfach, thóg siad na bristeacha sin. Nuair a bhí an Rialtas deiridh i gcumhacht, cuireadh deireadh leis na bristeacha sin - briseadh Oíche Shamhna agus briseadh mí an Mheithimh - ach tá siad curtha ar ais ag an Rialtas seo. I láthair na huaire, táimid anseo i mí Iúil agus ag suí i rith na hoíche. Nil sé ceart. Tá cearta ag muintir na tíre maidir leis an bParlaimint seo. Ba cheart go mbeadh díospóireacht cheart againn nuair atáimíd soiléir inár gcloigne. Ba cheart dúinn gach rud a phlé go mall agus go réidh. Táimid ag caint faoi reachtaíocht thábhachtach a chuir an Taoiseach os comhair an Oireachtais ag an tráth seo cé nach bhfuilimid úr. Ba mhaith liom díriú ar alt a haon, atá os comhair an Tí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.