Seanad debates
Wednesday, 10 July 2013
An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Céim an Choiste (Atógáil) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)
9:35 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Níl curtha os ár gcomhair ag an Rialtas ach an t-aon rogha amháin, is é sin scor agus abolition. Tá sé mí-fhéaralta nach bhfuair an pobal deis a bheith páirteach sa díospóireacht seo agus nach bhfuil siad ag fáil ach rogha amháin, scor nó coinneáil. Sin rud atá fíor thábhachtach.
Ba chóir go mbeadh an cheist seo ceangailte le leasú níos ginearaltá, le ról na Dála, le feidhmeannaí na Dála agus le mí-éifeacht na Dála ó thaobh seirbhísí de. Ba chóir go mbeadh feidhm na gcoistí curtha san áireamh. Táthar ag rá go mbeidh cumachtachtaí breise á thabhairt dos na coistí ach ní léir do aon duine go bhfuil na coistí ag feimhmiú chomh maith agus is cóir dóibh. Má leanann an Rialtas ar aghaidh leis an smaoineamh seo faoin Seanad a scor, agus leis an abolition day seo, beidh an Rialtas gan 60 duine chun feidhmiú ins na coistí. I gcead dos na Teachtaí Dála, sílim go n-abróidís féin go bhfuil ról an-ghníomhach ag Seanadóirí in obair na gcoistí. Is iomaí Seanadóir atá tar éis a bheith mar rapóirtéir speisialta agus an-obair a dhéanamh ó thaobh tuairiscí a ullmhú ar son na gcoistí. Ní bheadh sé sin ann murach cuid den saineolas atá bailithe ag na daoine atá anseo sa Seanad. Ní ag cur le daonlathas, le saineolas nó le reachtaíocht a bhéadh sé sin ach ag baint uaidh go fíachmhar.
Ní cóir go mbeadh an Rialtas ag cur ceiste os ár gcomhair maidir leis an Seanad a scor gan na costais a bhaineann leis, nó na sábáiltí atá ag baint leis, a lua. Ba chóir go mbéadh muid tar éis tuairisc iomlán airgeadais a fháil ón Rialtas ar na sábháiltí atá le déanamh agus faoin méid airgid atá i gceist a shábháil. Ina ionad sin, tá an Rialtas ag caitheamh amach soundbites faoi €20 milliún, €50 milliún agus mar sin de a bhéadh le sábháil ó thaobh fáil réidh leis an tSeanad, rud atá pobalach agus a thaitníonn le daoine a bhíonn ag léamh na bpáipéar nuachta, b'fhéidir. Níl fírinne ar bith ag baint leo agus ní féidir glacadh leo. Ba chóir go mbéadh an Rialtas sásta teacht isteach anseo agus díospóireacht iomlán a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an gcinneadh seo.
Ní cóir go mbeadh muid ag ceiliúreadh an scoir. Ní cóir go mbeadh baill an Rialtais ríméadach nó ag déanamh gaisce as an méid atá siad ag déanamh. Is teip ar an Rialtas í deireadh a chur leis an Seanad. Teip iomlán í nach bhfuiltear ag cur leasú níos leithne ar bun. Is teip í ar cheannaireacht an Rialtais. Tá sé deacair a fheiceáil cén fáth nach bhfuil reform day, in áit abolition day, a thabhairt isteach. Bhéadh fáilte i bhfad níos leithne roimh lá leasaithe ins in tSeanad, ins an bpobal go ginearálta agus imeasc daoine atá ag plé le cúrsaí daonlathais ar fud an domhain.
Tá súil agam go mbeidh freagraí cuimsitheacha le tabhairt ag an Aire Stáit ar chuid des na hábhair atá ardaithe agam. Is breá liom nach dteastaíonn an gléas aistriúcháin uaidh agus go dtuigeann sé gach a bhfuil mé a rá. I ndáiríre, is iomaí Aire a thagann isteach anseo agus nach dtéann i muinín na gcluasán mar go bhfuil náire orthu admháil nach bhfuil Gaeilge acu, ach is breá liom a fheiceáil go bhfuil neart Gaeilge ag an Aire Stáit agus go mbeidh freagraí cuimsitheacha ar na ceisteanna ar fad atá mé ag ardú. Tá mé ag súil go mór leis na freagraí sin a chloisteáil ar ball beag.
Tá mé ag cur i gcoinne an ailt seo. Tá mé ag iarraidh ar an Aire an t-alt seo a bhaint as an reachtaíocht, gan brú ar aghaidh le scor an tSeanaid ach an Seanad a leasú, an díospóireacht leathan sin a bheith againn agus an cheist a chur os comhair an Tionóil Bhunreachtúil. Bíodh an díospóireacht sin againn ar bhealach aibidh.
No comments