Seanad debates

Wednesday, 10 July 2013

An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Céim an Choiste (Atógáil) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)

 

9:35 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Yes. Agus muid ag plé na gceisteanna seo táimid ag plé na mbuntáistí a bhaineann leis an Seanad. Tá sé an-fheicealách go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn sa tSeanad. Seachas an Seanad a scor ba chóir í a úsáid agus deis a thapú leis an teanga náisiúnta a chur chun cinn. Tá ard-mholadh ag dul do Sheanadóirí Brennan agus Mary White agus do Sheanadóirí eile a bhíonn ag úsáid a gcuid Gaeilge chomh maith agus is féidir leo.

Bímid i gcónaí ag rá nach mbíonn na meáin ag freastal ar an Seanad nó nach mbíonn siad le feiceáil sa Ghailearaí, ach ní féidir sin a rá faoi na meáin Gaeilge. Is iomaí díospóireacht ar an Athló a bhí agam leis an Aire Stáit, an Teachta McGinley. Go deimhin, is minic nach raibh muid ag aontú faoi na hábhair a bhí muid ag plé, ach caithfear a rá go raibh clúdach thar na bearta ar na díospóireachtaí céanna ar Raidio na Gaeltachta agus ar TG4. Ní féidir liom locht a fháil ar na stáisiúin sin ins an gcás seo. Thairis na stáisiúin eile agus iriseoirí eile, tá siad ag cur seirbhís den chéad scoth ar fáil, ó thaobh chraolacháin de. Gné an-tábhachtach é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.