Seanad debates

Wednesday, 10 July 2013

An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Céim an Choiste (Atógáil) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)

 

9:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Labhróidh mé mar is dóigh liom nach n-oibríonn an córas go dtí go bhfuil duine éigin ag labhairt as Gaeilge. Leanfaidh mé ar aghaidh mar is pointe an-tábhachtach é sin, atá ardaithe ag an Seanadóir Crown agus is pointe é sin a tharraing muid aird air luath go maith in san Seanad seo go bhfuil sé de cheart ag saoránach ar bith labhairt i nGaeilge in sna tithe seo agus go bhfuil sé seirbhísí aistriúcháin den chéad scoth le fáil againn anseo agus caithfear ard-mholadh a thabhairt, caithfidh mé a rá do na seirbhísí aistriúcháin agus is iomaí tacaíocht atá tugtha acu dúinn. Caithfidh mé admháil cé go bhfuil mo chuid Béarla maith go leor airím i bhfad níos compordaí ag labhairt i nGaeilge in san teach seo agus is rud é sin atá ag neartú agus ag treisiú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.