Seanad debates
Wednesday, 10 July 2013
An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Céim an Choiste (Atógáil) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)
9:15 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an-áthas orm a bheith in ann cuidiú leis an díospóireacht anocht mar is díospóireacht iontach tábhachtach é. Táimid ag caint ar an lá scoir in alt 1 den mBille. Is mór an feall é go bhfuilimid ag caint ar a leithéid de rud. Ní dóigh liom go raibh duine ar bith amuigh ansin a bhí ag iarraidh a leithéid de rud a dhéanamh seachas an Taoiseach féin. Tá sé tar éis é seo a bhrú anuas ar gach uile dhuine ina pháirtí féin agus, toisc go bhfuil sé mar chéile leapan ag Páirtí an Lucht Oibre, tá sé á bhrú anuas in aghaidh a dtola ar Pháirti an Lucht Oibre chomh maith chéanna. Agus tá sé á bhrú anuas ar an bpobal. Is dóigh liomsa, agus le Sinn Féin, gurb é a bhí á iarraidh ag an bpobal ná an Teach seo a leasú, nó a fheabhsú, seachas é a scor. Is ar an mbunús sin atáimid ag seasamh anseo anocht.
Ba mhaith liom labhairt ar mo thaithí féin. Ní raibh mórán eolais agam ar an Seanad sula dtáinig mé féin isteach ins an gcóras. Ba oscailt súile dóm an córas seanchaite a bhí ann, ó thaobh daoine a thoghadh go dti an Teach seo. Níl sé ionadaíoch nó daonlathach. Bhéadh sé fíor-thábhachtach, seachas a bheith díreach ag caint ar an Teach seo a scor, go mbreathnófaí ar bhealaí eile leis an Teach a dhéanamh níos éifeachtaí ó thaobh oibre de. Ba chóir go mbeimís ag plé bealaí go bhféadfaí daoine a thoghadh ar bhealach éagsúil. Glacann gach duine leis go bhfuil an bealach a toghtar Seanadóirí mí-dhaonlathach. Níl deis ag gach uile saoránach atá ina chónaí in Éirinn nó, go deimhin, saoránaí na hÉireann atá thar lear nó atá ina gcónaí ins an Sé Chontae, vóta a chaitheamh do duine a sheasfadh anseo ar a shon. Bhéadh sé tábhachtach go ndéanfaí a leithéid sin, ach níl an rogha sin curtha os ár gcomhair. Tá an Rialtas díreacht ag caint ar "abolition day". Teideal é sin a bhéadh ag a leithéid de George Lucas i Hollywood. B'fhéidir gur b'shin é an scannán a déanfar faoi shaol Enda Kenna amach anseo agus gurb é an teideal a bhéas air ná "Abolition Day", starring Enda Kenna. Is mór an feall sin i dtír ina bhfuil an daonlathas fíor thábhachtach agus inra throid muid go láidir ar son ár ndaonlathais.
Bhí mé ag labhairt le fear ag an deireadh seachtaine a bhíonn ag déanamh cuid mhaith obair dheonach san Afraic. Tharraing seisean anuas ceist an tSeanaid liom mar gheall go mbíonn sé ag taisteal go dtí tíortha ar nós an Aetóip agus an tSúdáin nach bhfuil córais chomh forbartha nó chomh daonlathach acu agus atá againn fein, agus a mbéadh fíor shásta dá mbeadh rialtas daonlathach acu. Feiceann sé i dtír s'againne, atá in ainm is a bheith ar cheann des na tíortha is forbartha in iarthar an domhain, go bhfuilimid ag iarradh ciorriú a dhéanamh ar an daonlathas. Nuair a fhéachaimid ar sin, ins an bpictiúr leathan des na ciorraithe eile atá an Rialtas ag déanamh ó thaobh na comhairli baile agus ó thaobh bhord Údarás na Gaeltachta agus an deis toghchanaíochta a baineadh den phobal ins na ceantair Gaeltachta sa gcás sin, is céimh mhór ar gcúl é.
Smaoiním siar ar thoghchán an tSeanaid. Tá na painéil gairme againn, rud atá thar a bheith mí-fhéaráilte mar go gcaithfidh iarrthóir a bheith bainteach le páirtí pholaitiúil nó le ceann des na heagrais ainmniúcháin chun a ainm a chur chun cinn le seasamh ar an bpainéal, fiú. B'fhéidir gur fheil an seift do ré atá caite, ré de Valera san aimsir a caitheadh, ach tá Éire tagtha chun cinn go mór ó thaobh forbartha de.
Ar an Dara Chéim, luaigh mé go bhféadfaí breathnú timpeall ar an Teach seo agus gur léir nach bhuil il-ghnéitheacht ag baint le Comhaltaí an Tí. Is beag duine gorm a chonachthas ina shúi ins na cathaoireacha seo, má chonachthas aon duine.
Is beag duine a thagann ó náisiún eile is beag duine atá anseo go bhféadfá a rá go dtagann siad ó mionlach eitneach in san tír seo. Níl fhios agam an raibh aon duine anseo de chúlra an lucht siúil. Buíochas le Dia, tá daoine ann ó chúlra éagsúla gnéis agus mar sin de agus is maith an rud é sin. Ach ba chóir dá mbreathnódh tú ar na suíocháin atá sa teach seo is gur beagnach microcosm de phobal na hÉireann a bheadh i gceist agus go mbeadh chuile dhuine atá ag cónaí in san náisiún seo againne in ann iad féin a aithint trí na hionadaithe atá anseo in san teach seo, ach ní féidir é sin a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh sibh tar éis oibriú ina threo sin, seachas a bheith ag dul i dtreo scoir, gan rogha a thabhairt don phobal.
Chomh maith leis sin, bhí muid ag cur an moladh chun cinn agus ní thuigim fós agus ní dóigh liom go bhfuaireamar freagra sásúil fós air. Cén fáth nach bhféadfaí an cheist seo a chur isteach go dtí an coinbhinsiún bunreachtúil? Is léir, cé go raibh cuid mhaith daoine b’fhéidir in amhras faoi cé chomh éifeachtach is a bheadh an coinbhinsiún bunreachtúil go bhfuil obair mhaith déanta agus faoi chathaoirleacht Tom Arnold go bhfuil roinnt ceisteanna an-suimiúil pléite maidir leis an aois vótála agus mar sin de agus cead pósta do dhaoine homaighnéasacha. Is léir go raibh an Rialtas sásta na ceisteanna sin a chur os comhair an choinbhinsiúin bunreachtúil ach nach raibh sibh ábalta an cheist seo a chur os a gcomhair. S’í an cheist a chuirfinn-se ortsa a Aire ná cén faitíos a bhí oraibh, cén faitíos atá ar Enda Kenny go bpléifí rud go daonlathach? Cén faitíos a bhí air nach raibh sé sásta ach dhá uair an chloig a chaitheamh anseo é féin nuair a bhí muid ag plé an dara stáid den Bhille seo, le na ceisteanna seo a chíoradh agus a phlé linn? Cén fáth nach bhfuil sé sásta dúshlán an Seanadóir Norris a ghlacadh agus díospóireacht poiblí a bheith aige na meáin faoi na ceisteanna a bhaineann leis an mbunreacht. Is maith an rud an faitíos a deir siad agus is léir, in ainneoin go mbíonn Enda ag iarraidh a bheith ag cur in iúl gur fear iontach láidir é agus go bhfuil sé in ann an bata a bhuaileadh anuas ar dhaoine ina pháirtí fhéin, go bhfuil sé ag ritheacht ón gceist seo agus ag ritheacht ón daonlathas nuair a thagann sé go dtí na ceisteanna fíor thábhachtach. Ní díreach ceist intleachtúil é seo mar atá léirithe ag Seanadóirí eile a chuaigh romham. Is ceist é seo a bhaineann le dearcadh éagsúil a fháil. Is ceist é a bhaineann le breathnú ar Bhillí ar reachtaíocht ar dhlite ar bhealach eile ar fad seachas díreach tríd súile na dTeachtaí Dála agus nílim ag fáil lucht ar Theachtaí Dála. Tá cuid mhaith acu atá iontach cumasach in san méid a dhéanann siad, tá taithí leathan ag cuid mhaith acu ach is léir go bhfuil dearcadh i bhfad níos leithne le fáil ón Seanad ón taithí atá agamsa anseo le dhá bhliain go leith.
Tá daoine a thagann ó chúlra eacnamaíochta daoine a thagann ó chúraim pobail daoine eile a d’oibrigh le ceardchumainn agus daoine eile ó chúlra gnó agus mar sin de. Tá an taithí sí fíor-thábhachtach, tá sé teoranta sa mhéid go bhfuil an seasca duine atá anseo tofa ó toghranna an-chúng. Is féidir leat breathnú mar shampla ar na Seanadóirí Ollscoile atá anseo in ainneoin go bhfuil an-mheas agam ar na Seanadóirí Ollscoile maidir leis an méid a deireann siad anseo sa Seanad agus tugann siad an t-uafás saineolas leo, is míbhuntáiste é agus is laincis é nach bhfuil vóta ag gach duine a fuair oideachas tríú leibhéal in san tír seo len iad a thoghadh. Dar ndóigh s’é an moladh a b’fhearr linne ná go mbeadh sé de chead ag chuile saoránach Éireannach vóta a chaitheamh le daoine a thoghadh go dtí na tithe seo. Ach ní fiú go raibh sibh sásta an cheist sin a chur, is leithscéal amach is amach é, an rud atá sibh a rá go raibh tuairiscí in dhiaidh tuairisce déanta ó thaobh an tSeanaid a athchóiriú. Tá sé sin fíor ach an rud a bhí gann in san aimsir a chaitheadh ó thaobh Rialtas in dhiaidh Rialtais ná an toil polaitiúil leis na hathruithe sin a chur i gcrích.
Is iomaí moladh maith a tháinig chun cinn maidir leasú a dhéanamh ar struchtúr an tSeanaid ach ní raibh aon Rialtas sách misniúil le sin a chur i gcrích agus tá sibhse díreach mar a chéile, easpa misnigh. Deirtear nár chiall fear an mhisnigh riamh é agus faraor nach bhfuil sé sin fíor faoin Taoiseach in san gcás seo. Cén fáth nach raibh sé sásta na moltaí ab fhearr a tháinig ó na tuairiscí éagsúla sin a phlé? Arís iad a chur os comhair an choinbhinsiúin polaitiúil nó ó fhóraim éigin eile, iad a phlé anseo sa Seanad agus na moltaí ab fhearr a bhí ann ó thaobh struchtúir de a chur i gcrích. Beidh sé mar oidhreacht aige nár thapaidh sé an deis sin agus ní dóigh liom go mbeidh daoine buíoch dó as sin i ndáiríre. Mar sé bun agus barr an scéal amuigh ansin sa bpobal ná go bhfuil amhras ar dhaoine cén fáth an Taoiseach ag tógáil an bóthar seo ní thuigeann daoine é. Tá sé ráite go príobháideach liom ag daoine atá i bpáirtí Fhine Gael agus cinnte i bpáirtí an Lucht Oibre nach dtuigeann siad féin cén fáth go bhfuil Enda Kenny ag brú an cheist seo chun cinn. Más ag caint ar dhaonlathas atá muid bheifeá den tuairim más páirtí daonlathach é Fine Gael agus tá fhios agam go bhfuil ceisteanna á chur sa Teach eile faoi sin anocht go mbeadh díospóireacht taobh istigh de pháirtí s’aghaibh-se faoi seo. Ach ón méid a thuigim ní raibh aon díospóireacht taobh istigh den pháirtí ar an polasaí áirithe seo a bheadh agaibh agus is rud é sin go mba chóir a bheith déanta sara dtiocfaí amach leis an moladh seo faoin reifreann. Seachas a bheith ag caint díreach ar an rud a scoir ba chóir go mbeadh sibhse tar éis é a phlé ag bhur bpáirtí. Ach is léir ón chaoi a bhreáthaigh Frances Fitzgerald nuair a d’fhógair an Taoiseach sula toghadh ina Thaoiseach é go raibh sé ag cur seo ar an Manifesto le haghaidh an olltoghcháin gur tháinig sé aniar aduaidh ar an bpáirtí parlaiminteach agus nach raibh sé aontaithe agus más comhartha é sin ar an chineáil daonlathas a bheas i bhfeidhm dá bhfaigheadh an Taoiseach a bhealach agus má scoirtear an Seanad agus má fhágtar an cumhacht i lámha an Rialtais agus líon na dTeachtaí Dála a bheith laghdaithe agus 15 duine a bheith ag bord an Rialtais ach i ndáiríre gur ceathrar fear geall atá ag tógáil gach cinneadh tábhachtach ag an mbord sin. Is léir gurb é atá ar bun anseo ná lárnú cumhachta easpa smachta gach glacadh le tuairimí daoine eile gan fiú plé a dhéanamh ar cheisteanna a bheith ag rá le daoine nach bhfuil fhios acusan tada agus go bhfuil fhios agaibh féin gach rud níos fearr. Is mór an chéim chun cúl é sin ó thaobh daonlathas na tíre seo. Agus caithfimid breathnú chomh maith ar céard atá go maith tá muid ar son leasú, níl muid ar son an Seanad a scoir mar atá sibh féin. B’fhearr linn go mbeadh an rogha ann ó thaobh an rud a leasú agus má tá muid leis sin a dhéanamh theastódh uait breathnú ar céard iad na rudaí atá go maith.
Níl aon dabht faoi ná go bhfuil Seanadóirí áirithe a oibríonn an-chrua, Seanadóirí eile b’fhéidir nach n-oibríonn chomh crua céanna agus tús na breithe ag Dia mar a deir siad agus níl mise ag déanamh breithiúnais ar duine ar bith. Ach ó mo thaobh fhéin de agus ó thaobh an dream a bhfuil mise ag freastail orthu táim ag teacht as Conamara as ceantar tuaithe táim ag teacht as Gaillimh ach bím ag labhairt ar ábhar a bhaineann le daoine faoi mhíbhuntáiste, daoine atá ag lorg tearmainn, daoine a labhraíonn Gaeilge, lucht na Gaeltachta. Bím ag troid ar son tuismitheoirí aonair, daoine a bhfuil deacrachtaí acu ó thaobh seirbhísí poiblí agus mar sin de.
Tá buntáiste an-mhór ag Seanadóir nach bhfuil ag Teachta Dála sé sin gur féidir leat labhairt ar ábhar ar bith a bhaineann le contae ar bith in áit ar bith sa tír. Níl aon laincis dáilcheantar orainn agus is buntáiste an-mhór é sin, is ní dóigh liom go bhfuil sé sin tógtha san áireamh in san díospóireacht go dtí seo. Is féidir linn labhairt thar cheann saoránaigh na hÉireann ó na 32 contae nó thar lear. Bhí mise----
No comments