Seanad debates
Thursday, 16 May 2013
Address to Seanad Éireann by Mr. Jim Higgins, MEP
12:35 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Timing is everything. Cuirim céad fáilte roimh an tUasal Ó hUigínn. Ba mhaith liom mo leithscéal a chur in iúl dó os rud é nach raibh mé anseo nuair a labhair sé. D'éist mé leis san oifig. Is mian liom ómós a thabhairt dó i dtaobh úsáid na Gaeilge. Ardaítear an cheist seo go rialta anseo sa Seanad. Is breá an rud é go bhfuil Seanadóirí ag úsáid níos mó Gaeilge de réir a chéile. Táimid ag caint ar an Uachtaránacht a bheith againn. An bhfuil muid ag baint dóthain deis as an Uachtaránacht chun an Ghaeilge agus na mionteangacha eile ar fud na hEorpa a chur chun cinn? Níl na teangacha teoranta go dtí na tíortha nó na stáit - tá siad ceangailte le réigiúin faoi leith agus mar sin de. Tuigim go n-úsáideann an tUasal Ó hUigínn an Ghaeilge go rialta thall ansin. B'fhéidir nach bhfuilimid ag baint dóthain leas as an deis an-mhaith atá ann i bParlaimint na hEorpa ó thaobh ateangairí, daoine a úsáideann na Gaeilge agus daoine a dhéanann aistriúcháin. Bhí sé i gceist go mbeadh i bhfad níos mó daoine oilte le dul ag obair faoi scáil an aontais. Ba bhreá liom tuairimi an tUasal Ó hUigínn a fháil faoi sin.
Tá ceist beag eile agam a bhaineann leis an nGaeilge. Tá mé tar éis roinnt fiosrú a dhéanamh faoin gcostas breise atá ann chun fada a chur ar téacsteachtaireacht. Tuigim go mbaineann an costas sin le rialacháin Eorpacha agus go gcaithfear na socruithe Tras-Eorpacha a athrú ag an leibhéal sin ionas nach mbeidh costas breise i gceist amach anseo. Más mian liom "Trevor Ó Clochartaigh" a chur i dtéacsteachtaireacht, caithfidh mé airgead breise a íoc as an "Ó". Níl ciall nó réasún le sin. An bhfuilimid in ann aon rud a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa chun cothrom na féinne a thabhairt do na teangacha éagsúla lena mbaineann an fhadhb seo?
No comments