Seanad debates
Wednesday, 8 May 2013
Address to Seanad Éireann by Commissioner Máire Geoghegan-Quinn
1:10 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Bhí sé ráite i riamh i gConamara gur fánach an áit a gheofaí gliomach ach tá triúr sa Seanad inniu agus b'fhéidir gur seo an chéad uair i riamh gur triúr de bhunadh Charna atá istigh anseo, an Coimisinéir, an Seanadóir Keane agus mé féin. Bhí sé ráite i riamh go raibh an-teacht aniar i muintir an iarthair agus táimid á chruthú sin inniu. Cuirim fáilte roimh an Choimisinéir agus gabhaim comhghairdeas di as ucht a ceapacháin. Tá sí ag déanamh sár-obair sa ról atá aici.
San am gairid atá agam, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do roinnt ceisteanna atá tagtha chun cinn. Luaigh an Coimisinéir féin an cheist a bhaineann le hinfheistíocht indíreach ó na hollchomhlachtaí, go bhfuil siad ag coinneáil suas le cúrsaí ach tá na SMEs ag titim siar go mór ó thaobh infheistíochta de. Luaigh sé an rómhaorlathas nó red tape. Cén chaoi a bhfeicfimid laghdú an rómhaorlathais sin ag tarlú ar an talamh? Cén chaoi a mbeidh na comhlachtaí beaga sa tír seo, atá mar bhunchloch na heacnamaíochta, in ann tarraingt as na cistí seo leis an eacnamaíocht a chur chun cinn?
Luadh soláthar poiblí. Táimid i nGaillimh ag déanamh roinnt obair air sin faoi láthair. Ceann de na lochtanna a chuirtear i leith an Aontais Eorpaigh go minic ná go bhfuilimid ag cailleadh go leor gnó sa tír seo mar gheall ar an phróiseas soláthair phoiblí mar go dtéann sé chuig ollchomhlachtaí móra ar fud na hEorpa. Tuigtear dom go n-úsáidtear na clásail shóisialta seo mar chuid den phróiseas i dtíortha eile. Cén chaoi is féidir linne in Éirinn ar sciar féin de na conarthaí móra seo a choinneáil chun úsáid níos fearr a bhaint as na clásail shóisialta ach fós fanacht taobh istigh de na rialacha Eorpacha?
Tá sprioc atá leagtha síos ó thaobh taighde agus forbartha de 3%, ach de réir na meastachán atá againn sa tír seo, táimid ag leagan síos sprice dúinn féin de 1.7% de réir na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta. An bhfuil contúirt ann dá bhrí sin go bhfuil sprioc ró-íseal leagtha síos againn sa tír go gcoinneoimid suas lenár gcomhghleacaithe san Eoraip agus go dtarraingeoimid anuas a bhfuil de thacaíocht le fáil ón Aontas Eorpach mar nach bhfuilimid ach ag leagan síos sprice de 1.7% anseo agus gurb í 3% an sprioc Eorpach?
Ach oiread leis an Seanadóir Zappone, tá eilifint eile sa seomra faoi láthair, eilifint an déine. Bheadh sé an-deacair gan sin a lua leis an Choimisinéir. Tá na beartais déine atá á gcur i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach ag déanamh scriosta ar an tír seo, tá siad ag déanamh an-deacrachta ó thaobh na heacnamaíochta de, le gearradh siar agus easpa fáis. Ní hé réimse an Choimisinéara faoi leith é ach bíonn sí ag caint leis na Coimisinéirí eile, Manuel Barroso ach oiread. Tá sé an-tábhachtach cur in iúl don Choimisiún nach bhfuil na beartais déine ag obair. Níl siad ag cur fáis chun cinn agus dá bhrí sin ní féidir linn gnólachtaí a choinneáil ag feidhmiú agus ní féidir infheistíocht chuí a dhéanamh. Ba bhreá linn dá dtabharfadh an Coimisinéir an teachtaireacht sin ar ais chun na hEorpa.
No comments