Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá sé sin á dhéanamh maidir leis na múinteoirí. Tuigim go bhfuil deacrachtaí sa chomhthéacs seo. Aithníonn an Roinn agus an Rialtas é sin. Tá coiste Rialtais againn. Aithnímid ansin é. Bhí an Roinn istigh againn ag an gcruinniú is déanaí agus beidh siad istigh arís faoi cheann cúpla seachtain. Caithfimid díriú isteach ar sin. Tá aitheantas á thabhairt do chúrsaí Gaeilge sa straitéis úr litríochta agus uimhríochta atá á chur ar fáil ag an Roinn.

Táimid ag cur leis an tréimhse a chaitheann ábhair múinteoirí sa Ghaeltacht - in ionad trí seachtain a chaitheamh le chéile, beidh coicís acu bliain amháin agus coicís acu bliain eile. B'fhéidir nach leor é sin. B'fhéidir gur chóir dóibh níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht. Seasann an deontas atáimid ag cur ar fáil do na múinteoirí. Chomh fada agus a bhaineann sé le mo Roinn, beidh na mná tí ag fáil ¤9.50 le haghaidh gach ábhar múinteora a théann go dtí an Ghaeltacht, mar a fhaigheann siad i dtaobh gach dalta a théann go dtí an Ghaeltacht. Tá scéim a bhí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna curtha siar de bharr deacrachtaí airgid.

Mar sin féin, beidh aon ábhar múinteora atá ag fáil na táillí díolta ag an triú leibhéal ábalta dul i dteagmháil le SUSI agus deontas chomh hard le ¤700 a fháil fá choinne an téarma a chaitheann sé nó sí sa Ghaeltacht.

Tá an-chuid cainte déanta ach caithfimid a bheith níos deimhnitheach agus níos misniúil faoi seo. Dúirt duine éigin gur cur chun cinn céimneach atá sa straitéis. Is straitéis 20 bliain í agus tá muid i ndiaidh na bunstruchtúir a leagaint síos. Beimid á gcur i bhfeidhm anois sna blianta amach romhainn agus glacfaidh sin 20 bliain. Ní féidir linn an straitéis a chur ar bun i mbliain amháin. Mar adúirt mé, tá na bunstruchtúir leagtha síos agus tá na coistí ansin agus iad ag obair le chéile. Beidh tuairisc ag teacht amach i rith na bliana seo ar an mhéid oibre atá déanta againn go dtí seo agus beidh tuairisc eile ag teacht amach ar an mhéid oibre atá le déanamh sa dhá bhliain nó trí bliana amach romhainn. Beidh an plean céimnithe ó bhliain go bliain agus ó trí bliana go trí bliana, go dtí go mbeidh na 20 bliain bainte amach.

Táim an-dóchasach i leith na cuspóirí atá againn agus an méid cainteoirí dúchasacha sa Ghaeltacht a ardú 5%. Ag dul ar fud na Gaeltachta, tugann sé misneach dom an méid daltaí, na céadta díobh, atá ag freastal ar réamhscolaíocht sna Gaeltachtaí. Is comhartha maith é sin. Tá cúntóirí teanga ann agus sílim go bhfuil an plean indéanta. Maidir le 250,000 cainteoirí Gaeilge ar fud na tíre, de réir an daonáireamh deireannach, tá 1.7 milliún duine sa tír a deireann go bhfuil eolas acu ar an Ghaeilge. Más féidir linn céatadán acu sin a fháil leis an teanga a labhairt, ní shílim go bhfuil sin dodhéanta agus sílim gur féidir linn an sprioc a bhaint amach.

Maidir leis an Coimisinéir Teanga, tá ardú ar an méid daoine atá ag déanamh gearán. Cuirim fáilte roimhe sin agus roimh daoine ag déanamh gearán nach féidir leo seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Is maith an rud é sin. Muna bheadh aon ghearán ag teacht isteach, ní bheinn chomh ró-shásta ach táthar ag teacht isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.