Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní cheart úsáid a bhaint as an teanga ar mhaithe le chúrsaí pholaitiúla. Aontaím leis an Seanadóir Ó Murchú gur linn go léir an teanga. Baineann an Ghaeilge le muintir na hÉireann uilig.

Táimid ag iarraidh daoine a spregadh an teanga a labhairt. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag tosnú sa Ghaeltacht. Tá deacrachtaí teangan sa Ghaeltacht. Labhrann 24,000 duine as an 90,000 duine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht an Ghaeilge go laethúil. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an Seanadóir, a chónaíonn sa Ghaeltacht, go bhfuil deacrachtaí sna ceantair sin. Caithfimid díriú isteach ar na pobail sin. De thairbhe Acht na Gaeltachta, 2012, is féidir linn dul istigh chuig na pobail agus iad a thabhairt le chéile. Táimid in ann iarraidh orthu cad a shíleann siad, an bhfuil siad ar mhaithe leis an teanga, ar mhaith leo fanacht sa Ghaeltacht, an bhfuil siad chun plean teanga a chur le chéile, cad iad na cuspóirí atá acu, cad iad na seirbhísí atá de dhíth orthu agus cén cuidiú is féidir linn a thabhairt dóibh.

Táimid ag rá le muintir na Gaeltachta "is libhse é". Tabharfaimid cuidiú, tacaíocht agus eolas dóibh. Beidh an t-údarás ann chun é sin a dhéanamh. Tá freagracht úr ag an údarás na pleananna seo a chur i bhfeidhm. Tá cinneadh déanta ag an údarás tosnú láithreach. Thosnaigh an t-údarás le trí cinn. Ní féidir linn 19 cinn a dhéanamh in aon seachtain amháin. Déanfar triú agus triúr agus triúr. Geallaim go mbeidh go leor de na pleananna ar bun ar fud na tíre taobh istigh de bhlian. Is é sin an tiomantas atá ag an údarás. Thug mé comhairle don chathaoirleach agus do bhaill an bhoird díriú isteach ar an obair seo chomh tapaidh agus is féidir, trí dul i dteagmháil agus i gcomhairle leis na pobail agus na pleananna seo a chur ar fáil, más mian leis na pobail iad a chur ar fáil.

Labhair go leor Seanadóirí faoi chúrsaí oideachais. Bhí baint agam leis an oideachas sular tháinig mé isteach anseo. Tá baint agam leis go fóill. Aontaím go mbeidh páirt lárnach ag cúrsaí oideachais i gcur chun cinn na straitéise agus i sábháil na teanga. Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh nach bhfuil aon rud ag tarlú i gcúrsaí oideachais, ach ní fíor é sin. Tá an-chuid rudaí ag tarlúint, nó le tarlú, i gcúrsaí oideachais agus mé ag labhairt. Tá curaclam ag siollabas úr á gcur ar fáil. Tá siad dírithe ar labhairt na teanga sa chóras bunoideachais. Tá sé sin ag tarlú i láthair na huaire. Beidh curaclam úr sa chóras meánoideachais freisin. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá sciar na marcanna a bhaineann leis an scrúdú béil ag méadú go dtí 40%. Tá béim á chur ar labhairt na teanga. Tiocfaidh an litríocht agus cúrsaí acadúla ina dhiadh sin.

Don chéad uair, beidh monatóireacht á dhéanamh go rialta agus go seasta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa chóras bunoideachais. Beidh monatóireacht á dhéanamh sa chóras meánoideachais freisin. Caithfidh duine éigin monatóireacht a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.