Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Níor shamhail mé go mbeadh deis agam freagra a thabhairt ar an méid a dúradh. Caithfidh mé fáilte a chur roimh an deis seo plé a dhéanamh ar an ábhar tábhachtach seo le linn Seachtain na Gaeilge agus Seachtain na Féile Pádraig. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Seanadóirí - naonúr ar fad - a labhair anseo. Rinne siad go léir a ndícheall, cuid acu atá líofa sa Ghaeilge agus cuid acu nach bhfuil. Níl taithí acu ar an nGaeilge a úsáid ó rinne siad an ardteistiméireacht. Is scáthán é sin ar an méid atá ag tarlú taobh amuigh. Tá daoine amuigh ansin atá líofa sa Ghaeilge agus daoine nach bhfuil. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaimid aitheantas don iarracht atá á dhéanamh.

D'éist mé leis an Seanadóir Ó Braonáin. Aontaím ar fad go dtéann sé sin i bhfeidhm go mór ar dhaoine amuigh ansin, go háirithe daoine óga, nuair a chuireann daoine mór le rá atá i mbéal an phobail timpeall na tíre - daoine spóirt ar nós Luke Fitzgerald agus Bernard Dunne, mar shampla, a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud na tíre agus ar fud an domhain - an meas, an seasmhacht agus an grá atá acu don Ghaeilge, agus a líofacht sa teanga, in iúl. Cuirim fáilte mór roimh an moladh agus an sampla atá ag teacht ó dhaoine mar sin. Tá tionchar níos mó orthu ar aos óg na tíre seo agus muintir na tíre seo ná mar atá ag na polaiteoirí go léir istigh anseo. Tá muintir na hÉireann tuirseach agus tinn ag éisteacht le polaiteoirí le 90 bliain ag iarraidh orthu an Ghaeilge a labhairt.

Táimid ag rá leis an bpobal sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre "tar linn agus cuirigí bhur gcuid pleananna ar aghaidh" seachas bheith ag rá leo "caithfidh sibh an Ghaeilge a labhairt". Táimid ag soiléiriú go mbeidh comhairle agus tacaíocht ar fáil dóibh. Beimid ag tabhairt gach cuidiú gur féidir linn dóibh os na hacmhainní teoranta atá againn. Ba mhaith liom a rá leis an Seanadóir Ó Clochartaigh, agus muid ag caint faoi acmhainní, dá mba leor airgid leis an Ghaeilge a shábháil ní bheadh aon díospóireacht anseo inniu - beimid go léir ag labhairt na Gaeilge. Tá sé faighte amach againn nach leor acmhainní a chur ar fáil. Mar is eol don Seanadóir agus do dhaoine eile sna Gaeltachtaí, sna blianta roimhe seo thugamar íocaíochtaí do teaghlaigh faoi scéim labhairt na Gaeilge leis an teanga a labhairt. Fuaireamar amach nár oibrigh an scéim a bhí bunaithe ar "labhair Gaeilge agus gheobhaidh sibh deontas". Caithfimid teacht ar dóigheanna eile.

Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, is leis an phobal an teanga. Ní le Fine Gael, Fianna Fáil nó fiú amháin Sinn Féin an teanga. B'fhéidir gur dóigh le Sinn Féin sa Tuaisceart gur leo an teanga. Ní thagann sé sin le mórán maitheas. Ní libh an teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.