Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

12:40 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Tá cuid mhaith le rá agam faoin mhéid atá faoi chaibidil againn. Sílim gur é an rud is suntasaí a dúirt an tAire Stáit ná go bhfuil an Rialtas ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm na straitéise ar bhonn córasach seachas ar bhonn ad hoc. Ba bhreá liom fáil amach céard atá i gceist aige le sin. Sílim go bhfuil An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge againn, ach ní dóigh liom gur í an straitéis céanna atá an Rialtas seo ag cur i bhfeidhm. Sílim gur ráiméis 20 bliain don Ghaeilge atá ar bun ag an Rialtas i ndáiríre píre.

Táim chun dul tríd an straitéis agus an méid atá aontaithe inti go pointeáilte. D'aontaigh gach páirtí leis an straitéis, ach ní fheictear dom go bhfuil an Rialtas ag leanacht na straitéise chéanna a d'aontaigh muid. Ba bhreá liom dá ndéanfadh an tAire Stáit soiléiriú dom faoi sin. Luadh chean cuid de chuspóirí na straitéise. Cuspóir amháin ná go seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an Ghaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre, ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an tAcht Oideachais etc. Is léir nach bhfuil an Rialtas ag seasamh le Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a léitear tuairisc oifig an Choimisinéara Teanga.

Deirtear sa straitéis go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Cén chaoi is féidir leis an Aire Stáit suí ansin agus a rá liom go bhfuil sé ag aontú leis an straitéis ó thaobh chuspóir a dó de agus an scéal atá nochta i dtuairisc an Choimisinéara Teanga, a labhraíonn faoi na scéimeanna teanga a bhfuil Roinn an Aire Stáit freagrach astu atá ceaptha a bheith á dhaingniú aige, os ár gcomhair? As 104 scéim teanga a bhí daingnithe ó thús aimsire, tá 79 díobh in éag. Is é an Roinn atá freagrach as seo. Is é an Roinn atá ceaptha le bheith ceannródaíoch ó thaobh cur chun cinn na straitéise. Tá dhá thrian de na scéimeanna teanga sna Ranna Rialtas nach bhfuil daingnithe ag an Aire agus a Roinn agus ní féidir iad a chur i bhfeidhm dá bhrí sin.

Chuir freagra a thug comhleacaí an Aire Stáit sa Dáil inné alltacht orm. Bhí sé ag freagairt ceiste maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur mo chomhleacaí an Teachta Peadar Tóibín faoi cén fáth go bhfuil an méid a nochtaigh an Coimisinéir ag tarlú. Go bunúsach, dúirt sé go bhfuil na hAirí eile ag rá leo nach bhfuil siad sásta na scéimeanna teanga a chur i bhfeidhm. Má tá sin ag tarlú, tá sé scanallach. Tá na hAirí ag briseadh dlí na tíre agus tá an tAire agus an tAire Stáit ag suí agus níl siad ag déanamh tada faoi. Ba bhreá liom fáil amach céard atá siad chun a dhéanamh faoi sin.

Deir cuspóir a trí go gcuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Céard iad na seirbhísí breise atá i gceist le sin? Deir cuspóir a cúig go ndéanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hardteistiméireachta. D'ardaigh an Seanadóir Noone é seo, ach tá sé an-soiléir go ndúirt Ceannaire Fhine Gael féin, sular toghadh é, go raibh sé i gceist aige deireadh a chur le Gaeilge éigeantach ag leibhéal na hardteiste. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom go soiléir céard é polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. An bhfuil an Rialtas ag seasamh le cuspóir a cúig go ndéanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hardteistiméireachta? Má tá, an bhfuil athrú déanta ag an Taoiseach ar an seasamh a ghlac sé?

Deirtear go ndéanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí maraon le soláthar téacsleabhar agus acmhainní. Céard atá ag tarlú ó thaobh na coláistí oiliúna de? Céard atá ag tarlú maidir leis an ionad barr feabhais a bhí le tógáil i mBaile Mhúirne maidir le oiliúint múinteoirí? Is léir gurb é an Roinn Oideachais agus Scileanna ceann de na príomh imreoirí sa chluiche seo ar fad maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus nach bhfuil an tAire Stáit ag fáil tacaíocht dá laghad óna chomhleacaithe sa Roinn sin maidir le cur chun cinn na straitéise. Is léir gur gearradh an deontas do na daltaí a théann go dtí na cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Is léir freisin nach bhfuil plean dá laghad ag an Rialtas seo ionad oiliúna múinteoirí a bheidh ag díriú ar an nGaeloideachas a bhunú i mBaile Mhúirne. Dá bhrí sin, céard atá i gceist ag an Rialtas a dhéanamh?

Déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá. Cén fianaise atá dó sin? Cuspóir 7 - Déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge. Tá gearradh siar de ¤700,000 déanta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua a bhí ag cur breis cúrsaí Gaeilge ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cén chaoi is féidir leis an Rialtas a rá go bhfuil sé ag seasamh leis an straitéis nuair atá an Rialtas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna go háirithe, ag gearradh siar as éadan ó thaobh seirbhísí tríú leibhéal oideachais?

Faoi chuspóir 10, tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus oifigiúil san Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007. Cá bhfuil na haistritheoirí atá in ainm 's a bheith oilte le cur anonn go dtí an Eoraip le hoibriú leis an AE? Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag cur tuilleadh brú iad siúd a chur anonn agus na poist a chruthú a bhí in ainm is a bheith á gcruthú?

Faoi chuspóir 12, leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta. Is léir ón tuairisc ag an Choimisinéir Teanga agus tuairisc na bliana seo caite go bhfuil fadhbanna sa Gharda Síochána maidir le húsáid na Gaeilge.

Faoi chuspóir 13, aithníonn an Rialtas an ról fíor-thábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di sin.

Ba mhaith liom pointe a dhéanamh faoi rud a dúirt an tAire Stáit agus an Seanadóir Barrett, fear lena n-aontaím go minic ach ar an gceann seo, ní aontaím leis. Tá an bheirt ag breathnú ar an méid caiteachais atá á dhéanamh ar thuarastail sna heagrais dheonacha. Ní thiocfainn leo ar an argóint go bhfuil céatadán an-mhór á chaitheamh ar thuarastal riaracháin. Is obair fhorbartha atá ar bun ag cuid mhaith de na daoine atá fostaithe sna heagrais sin, ní amháin go bhfuil siad ag forbairt na teanga agus ag eagrú imeachtaí agus mar sin, tá an Rialtas ag fáil maoiniú breise isteach de bharr na hoibre atá ar siúl acu trí chomh-mhaoiniú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.