Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

11:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Leas-Chathaoirligh. Ar dtúis, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil as an chuireadh a bheith i láthair sa Seanad inniu chun labhairt faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht. Is cinnte go bhfuil sé tráthúil go bhfuil an deis seo agam agus Seachtain na Gaeilge faoi lánseol. Is cinnte chomh maith go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ón uair gur labhair mé anseo sa tSeanad cothrom an ama seo anuraidh.

Sula labhraím faoin dul chun cinn sin, ba mhaith liom, i dtús báire, tréaslú le lucht eagraithe Sheachtain na Gaeilge agus leis na heagraíochtaí éagsúla atá ag glacadh páirte sa cheiliúradh ar ár dteanga dhúchais agus ag tacú leis an cheiliúradh sin. Is fiú go mór an raon leathan imeachtaí atá ar bun mar chuid de Sheachtain na Gaeilge chun an teanga a cheiliúradh mar theanga bheo bhisiúil agus chun í a chur i lár an aonaigh. Mar a deir an seanfhocal, mura bhfuil agat ach pocaide gabhair bíodh sé i lár an aonaigh agat, agus is cinnte gur rud i bhfad níos luachmhaire ná pocaide gabhair atá á phlé againn anseo inniu, a Leas-Chathaoirligh.

Ba mhaith liom fosta aitheantas a thabhairt do na Teachtaí ar fad a ghlac páirt i Lá na Gaeilge sa Dáil an tseachtain seo a chuaigh thart. Ach an oiread le Lá na Gaeilge in 2012, d'éirígh thar cionn leis an lá. B'údar dóchais agus misnígh a bhí ann an oiread sin Gaeilge a bhí le cloisint agus an oiread sin Teachtaí a bhí le feiceáíl ag léiriú a gcumas agus a mbá don Ghaeilge ar an mbealach is praiticiúla atá ann, is é sin an teanga a labhairt.

Is siombal an-tábhachtach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Ós rud é go bhfuil sí ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn, tá géarghá lena caomhnú agus lena forbairt. Mar is eol domsa go maith mar Aire Stáit de bhunadh na Gaeltachta, is teanga bheo pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht í. Ina theannta sin, labhraítear í go forleathan taobh istigh agus taobh amuigh den chóras oideachais. Ní miste a nótáil gur díol suntais é go bhfuil tacaíocht tugtha ag gach Rialtas don Ghaeilge ó bunaíodh an Stát 90 bliain ó shin agus ní haon áibhéil a rá nach mbeadh sí chomh láidir agus atá sí inniu in éagmais na tacaíochta sin.

Agus mé ag labhairt libh inniu, ba dheas liom léargas gairid a thabhairt ar an obair atá ar siúl ag mo Roinn i láthair na huaire chun cuidiú le buanú agus le neartú na Gaeilge ar fud na tíre agus, ach go háirithe, sa Ghaeltacht. Mar a thuigfidh sibh, tá an obair atá idir lámha fite fuaite go dlúth leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a bhfuil sé mar phríomhaidhm aici líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú go substaintiúil ar bhonn céimnithe thar shaolré na straitéise.

Aithnítear sa straitéis go bfhuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm ag úsáid na hacmhainní atá ar fáil. Cé go bhfuil an fhreagracht fhoriomlán ar mo Roinn don straitéis, táimid ag obair as lámh a chéile ar fheidhmiú na straitéise le go leor páirtithe leasmhara, lena n-áirítear, ach go háirithe, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Tugadh faoi chéim an bhunaithe den straitéis a chur i gcrích in 2011 nuair a díríodh ar dhaoine a chur ar an eolas faoin straitéis agus ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Tugadh tús áite do ghnóthaí reachtaíochta in 2012 le hAcht na Gaeltachta faoina dtugtar bunús reachtúil do chóras pleanála teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus faoina dtugtar ról faoi leith chomh maith d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge sa phleanáil teanga.

Mar thoradh ar an obair atá ar siúl ag mo Roinn le páirtithe leasmhara na straitéise, táthar ag súil go mbeidh na páirtithe sin ag foilsiú a gcuid pleanama forfheidhmithe faoin straitéis níos moille i mbliana. Ina theannta sin, tá sé i gceist tuarascáil a fhoilsiú níos moille i mbliana maidir leis an dul chun cinn atá déanta faoin straitéis go dtí seo. Mar sin, táimid ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm na straitéise ar bhonn córasach seachas ar bhonn ad hoc. Is dóigh liom go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach, go háirithe ó thaobh na n-athruithe beartais atá idir lámha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoina straitéis litearthachta agus uimhearthachta atá ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus a rachaidh chun sochair don Ghaeilge san fhadtréimhse.

Le hAcht na Gaeltachta, tá céim shuntasach tógtha chun dúshraith reachtúil chuí a chur ar fáil faoina mbeifear in ann díriú ar bhealach níos córasaí agus níos éifeachtaí ar chur i bhfeidhm na straitéise as seo amach. Le cur i bhfeidhm an Achta, beidh ról ceannaireachta ag na heagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus iad ag obair i gcomhar leis an phobal agus i gcomhpháirtíocht leis an Stát chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair. Tá obair idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chomh fada is a bhaineann sé leis na chéad chéimeanna eile is gá a ghlacadh chun an reachtaíocht thánaisteach a shíniú i dtaca leis an phróiseas pleanála teanga faoin Acht.

Tá obair ar bun chomh maith ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le mo Roinn, maidir le hathshainiú na Gaeltachta mar limistéir pléanála teanga faoi leith. Tá obair ullmhúcháin idir lámha ag an údarás chomh maith chun córas cuí a aimsiú faoina roghnófar eagraíochtaí a thabharfaidh faoi phleananna teanga a ullmliú agus a fheidhmiú i gcomhar leis an phobal sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Ina theannta sin, tá obair ar bun ag mo Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge chun a chinntiú go ndéantar cúram cuí do na bailte seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeilge i gcomhréir le forálacha ábhartha an Achta.

Mar aitheantas ar an riachtanas faoi leith a bhaineann le hoiliúint i réimse na pleanála teanga, is fíú a lua go mbeidh dioplóma sa phleanáil teanga á sholáthar ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tosú san fhómhar i mbliana. Le soláthar an chúrsa sin, tabharfar deis oiliúna i réimse na pleanála teanga d'eagraíochtaí éagsúla, lena n-áirítear na heagraíochtaí Gaeltachta, ar ndóigh, agus do pháirtithe leasmhara eile. Níl aon amhras ormsa ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an chur chuige úr seo.

Ceann de na céimeanna tábhachtacha a ghlac mo Roinn chun cur i bhfeidhm praiticiúil na straitéise sa Ghaeltacht a chinntiú ná an clár tacaíochta teaghlaigh a thionscnamh. Faoin chlár seo, a sheol mé i mí Aibreáin 2012, tá raon beart idir lámha ag mo Roinn a bhfuil sé mar aidhm acu tacú níos fearr le teaghlaigh Gaeltachta atá ag súil le páiste agus a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. I measc na mbeart faoi leith atá curtha sa siúl cheana féin, is fíú a lua go bhfuil ardú suntasach ceadaithe san allúntas a chaitear faoi scéim na gcúntóirí teanga. Leis an infheistíocht bhreise seo, fágann sé go bhfuil allúntas ar fiú tuairim is ¤750,000 é curtha ar fáil sa bhliain reatha ag mo Roinn chun díriú ar dheiseanna saibhrithe teanga a chur ar fáil do pháistí bunscoile sa Ghaeltacht, chomh maith le deiseanna sealbhaithe teanga, áit a raibh an bhéim go dtí seo.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil éileamh maith ar an phacáiste tacaíochta teaghlaigh atá forbartha ag mo Roinn mar chuid den chlár atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt go sonrach do theaghlaigh Gaeltachta atá ag tógáil páistí réamhscoile le Gaeilge nó gur mhaith leo a bpáistí réamhscoile a thógáil le Gaeilge. Go dtí seo, tá 639 pacáiste dáilte ar theaghlaigh, lena n-áirítear 173 chuig seoltaí poist sa Ghaeltacht, 450 chuig seoltaí poist eile in Éirinn agus 16 seolta chuig teaghlaigh thar lear. Tá mé ag súil leis go mbeidh ar chumas mo Roinne cur leis an phacáiste sin sa tréimhse amach romhainn, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Mar is eol don Teach, tá feidhm nua faoi Acht na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht, chomh maith leis an fheidhm sheanbhunaithe a bhí ag an údarás ó lá a bhunaithe maidir le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá an dá fheidhm seo chomh tábhachtach lena chéile agus an Rialtas ag tabhairt tús áite do chruthú fostaíochta, chomh maith le haitheantas a thabhairt do chaomhnú na teanga sa Ghaeltacht. Cinntíonn soláthar an Státchiste gur féidir leis an údarás leanúint air ag mealladh infheistíochta chun na Gaeltachta, ag tacú le bunú agus le buanú post sa Ghaeltacht agus ag tabhairt cúnaimh do phobail Ghaeltachta maidir le tograí teanga-lárnaithe, lena n-áirítear an phleanáil teanga.

Mar is eol don Teach, tá ról reachtúíl ag Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn. I measc na mórthionscadal atá idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair, tá an foclóir nua Béarla-Gaeilge agus an t-athbhreithniú ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Le linn mhí Eanáir, bhí ócáid stairiúil ann nuair a foilsíodh an chéad fhoclóir mór náisiúnta Béarla-Gaeilge ó foilsíodh foclóir de Bhaldraithe sa bhliain 1959. Ag díriú ar na riachtanais chomhaimseartha ón tús, is foclóir ar líne atá anseo. Tuigim go gcuirfear leis an ábhar ar líne ar bhonn leanúnach agus go mbeidh sé i gcomhréir leis an leagan clóite a fhoilseofar sa bhllain 2015.

Dúshlán eile atá os comhair Fhoras na Gaeilge i láthair na huaire ná an t-athbhreithniú ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Tuigim go rí-mhaith an chonspóid a bhaineann leis an mórathrú seo, ach is é bun agus barr an scéil nach léir an bhfuil pobal na Gaeilge, Thuaidh ná Theas, ag fáil na seirbhíse is fearr ón chóras atá ann san am i láthair. Is deacair a rá go bhfuil an córas reatha inmharthana nuair atá 37%, nó ¤6.5miliún, de bhuiséad an fhorais caite in 2012 ar 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe. Is deacair a rá fosta go bhfuil luach ar airgead á fháil nuair atá 77% den bhuiséad seo á chaitheamh ar chostais riaracháin agus gan ach 23% dírithe ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge. Dá bhrí sin, shocraigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, ag ár gcruinniú san fhormáid teanga níos túisce an mhí seo, go gcuirfear pleananna chun cinn chun samhail athbhreithnithe don bhunmhaoiniú a thabhairt isteach, samhail a chuimseoidh na straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh ar a dhéanaí. Socraíodh fosta síneadh a chur leis na socruithe reatha do bhunmhaoiniú go deireadh na bliana.

I ndeireadh an lae, is éard atá uainn uilig ná earnáil dheonach atá ag feidhmiú go héifeachtach, atá ag tabhairt luach ar airgead agus atá ag soláthar na seirbhísí atá de dhíth ar phobal na Gaeilge ar bhealach a thacóidh leis na

Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair chun moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais i dtaca le leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Fuarthas 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh anuraidh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht. Tá anailís déanta ar na moltaí a fuarthas faoin phróiseas sin agus déanfar iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha. Mar atá ráite i gclár reachtaíochta an Rialtais a foilsíodh i mí Eanáir, táthar ag súil Bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 mar thoradh ar an athbhreithniú atá déanta ag mo Roinn ar an Acht. Braitheann an t-amscála ar go leor tosca, lena n-áirítear an plé cuí leis na páirtithe leasmhara éagsúla agus an sceideal reachtaíochta i dTithe an Oireachtais.

Mar atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga, aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann leis an acmhainn foirne chuí a bheith sa Státseirbhís chun freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal labhartha na Gaeilge. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo agus chun tógáil ar an obair a rinne an foras oiliúna Gaeleagras anuas tríd na blianta, ní miste dom an comhaontú leibhéil seirbhíse, atá aontaithe idir mo Roinn féin agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le cúrsaí oiliúna agus creidiúnaithe sa Ghaeilge do Státseirbhísigh, a lua. Le cur i bhfeidhm an chomhaontaithe seo, déanfar treisiú ar chumas na Státseirbhíse a cuid dualgas reachtúil a chomhlíonadh chomh fada is a bhaineann sé leis an Ghaeilge. Is céim shuntasach eile í seo a thacaíonn le cur i bhfeidhm na straitéise.

Ainneoin go bhfuil acmhainní an Stáit faoi bhrú mór faoi láthair agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir ag an Rialtas maidir le dáileadh na n-acmhainní sin sa cháinaisnéis a cuireadh i láthair na Dála i mí na Nollag 2012, tá beagnach ¤57 milliún san iomlán le caitheamh ag mo Roinn i mbliana ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán, lena n-áirítear an Foras Teanga, Údarás na Gaeltachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga. Ní miste a nótáil gur figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastachán Athbhreithnithe a bheith faofa go han-luath.

Cé go bhfuil laghdú idir 4% agus 5% tagtha ar an bhuiséad reatha agus laghdú 10% tagtha ar an bhuiséad caipitil sna réimsí a thagann faoi mo chúram, tá mise dóchasach go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar ár gcuid tosaíochtaí a chomhlíonadh taobh istigh den soláthar atá againn.

Ní tógtar san áireamh sna figiúirí seo, ar ndóigh, an caiteachas a déantar i réimsí eile ar nós cúrsaí oideachais agus cúrsaí craolacháin, gan trácht ar an raon leathan seirbhísí eile a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh leis an Stát tré Ghaeilge.

Ní thógtar san áireamh sna figiúirí seo, ar ndóigh, an caiteachas a dhéantar i réimsí eile ar nós cúrsaí oideachais agus cúrsaí craolacháin, gan trácht ar an raon leathan seirbhísí eile a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge.

Ag deireadh an lae, is rogha don duine aonarach é an Ghaeilge a labhairt nó gan í a labhairt. Leanfaidh an Stát ag cuidiú ar gach uile bhealach is féidir chun cur le heolas an phobail ar an Ghaeilge, chun deiseanna a chruthú leis an Ghaeilge a úsáid agus chun dearcadh dearfach i leith úsáid na Gaeilge a chothú i measc an phobail, mar atá ráite faoin straitéis. Is faoi gach uile dhuine agus faoi gach uile eagraíocht atá sé a chinntiú go leanfaimid orainn ag obair i gcomhar lena chéile chun spriocanna na straitéise a bhaint amach.

Beatha teanga í a labhairt. Má dhéanann an duine aonarach an rogha laethúil an Ghaeilge a labhairt, dhéanfadh sé sin difríocht shuntasach don teanga. Má leanaimid ag obair le chéile sa treo seo, is féidir linn an fhís a fhíorú go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn níos forleithne. Is féidir le Seanadóirí a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, le gach iarracht, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil, i dtreo a chinntiú go dtreisítear an Ghaeilge agus go dtéann sí ar aghaidh go bisiúil chuig an chéad ghlúin eile.

Gabhaim buíochas don Chathaoirleach as deis a thabhairt dúinn anseo sa Seanad, dara Teach an Oireachtais, an t-ábhar seo a phlé an tseachtain speisialta seo nuair atáimid ag ceiliúradh féile na hÉireann. Tá lúcháir orm mar Aire Stáit go bhfuil an Ghaeilge le chloisteáil anseo inniu mar a bhí sa Teach eile i rith na coicíse seo. Táim anseo le breis agus 30 bliain agus chonaic mé an Ghaeilge á labhairt agus chonaic mé nuair nach raibh an Ghaeilge láidir ach sa Dáil atá againn i láthair na huaire, agus sa Seanad i láthair na huaire, tá níos mó Gaeilge sa dá Theach. Tá níos mó Gaeilge ag na ceannairí, ag na hurlabhraithe, ag na cathaoirligh, ag gach duine ná mar a bhí le fada an lá. Tá an dul chun cinn atá á dhéanamh istigh anseo mar scáthán ar an dul chun cinn a fheicim agus mé ag taisteal ar fud na tíre, ó Dhún na nGall go Tiobraid Árann go Corcaigh agus Ciarraí, Ceatharlach, Cluain Dolcáin, go Ros Comáin, áit a raibh mé le deanaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.