Seanad debates

Wednesday, 6 February 2013

Irish Bank Resolution Corporation Bill 2013: Committee and Remaining Stages

 

7:55 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mé. Tá mé ag caint faoi na costais ón Aire, mar atá luaite in alt 2. Níl míniú sách soiléir tugtha ag an Aire faoi na costais a bhaineann leis an díscríobh seo. Cén chostas a bhéas ag baint leis an aistriú seo? Ba chóir go mbéadh muid in ann fáil amach ó thaobh leachtú IBRC céard atá seo ag dul a chosaint. Céard chosnóidh an t-airgead iomarcaíocht, agus mar sin de, ar an tír? Cé mhéad atá KPMG agus a chuid cháirde ag fáil íochta ar an obair seo atá siad ag dul a dhéanamh agus cén chostas a bhéas ar an Stát dá bharr seo? Tá an oiread indiuri faoin rud seo ar fad nach bhfuil soiléirithe a fhad agus atá an t-Aire ag rá linn muinín a chur ann. Tá sé deacair muinín a chur ins an Aire nuair nach bhfuil an deal atá ós ár gcomhair. Tá an Seanadóir Hayden, mar shampla, ag rá go bhfuil an deal soiléir agus go bhfuil a fhios aici siúd agus ag a cuid comhghleacaithe céard é féin go díreach ach níl an t-Aire féin ag insint dúinn céard é an socrú agus feictear dom nach bhfuil sé ceart nó cóir go mbéadh sé ag iarraidh orainn reachtaíocht den chinéal seo a aontú leis gan na dindd seo a bheith pléite go mion.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.