Seanad debates

Wednesday, 6 February 2013

Irish Bank Resolution Corporation Bill 2013: Committee and Remaining Stages

 

7:55 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mé ag ceapadh go bhfuilimíd tagaithe ag stáid stairiúil is stair na tíre agus go bhfuilimid ag feiceáil rud ag tarlú anocht atá thar a bheith náireach, ó thaobh iompar an Rialtais maidir leis an mBille atá sé ag brú tríd an Seanad agus leis na fiacha atá sé ag cur anuas ar chosmhuintir na tíre.

Ba chóir go mbéadh náire. go deimhin, ar na Seanadóirí atá tar éis vótáil ar son an rud seo. Táimid ag breathnú ar na fiacha atá ag dul a bheith an maidir leis an athrú seo ó NAMA go dtí an IBRC. Táimid ag cur ina choinne seo agus táimid ag iarraidh ceisteanna a árdú faoi cá dtiocfaidh na fiacha seo ag deireadh thiar thall. Ní ionann an scríobh síos seo agus na fiacha a aistriú. Níl aon díscríobh faighte ag an Rialtas. Ba mhaith linn míniú i bhfad níos fearr a fháil. Ní ionann morgáiste agus fiacha den chineál seo. Ní ionann an nóta gealltanais seo a athrú isteach i mbannaí na tíre.

Go bunúsach, táimid i gcoinne an chaoi a bhfuil an t-Aire ag tabhairt faoi seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.