Seanad debates

Thursday, 20 December 2012

Social Welfare Bill 2012: Report Stage

 

12:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Go bunúsach, mar sin, nuair atáimid ag caint ar Teideal an Bhille seo i mbliana agus an bhliain seo chugainn, b'fhéidir gur cheart dúinn bheith níos soiléire agus níos cruinne, ionas go dtuigfeadh an pobal amuigh ansin céard go díreach atá á dhéanamh againn. Tá an Bille seo ag bualadh clanna. B'fhéidir gur cheart dúinn "Bille buille don chlann" a thabhairt air. Tá an Bille seo ag gearradh siar ar dhaoine a bhraitheann ar sochar leanaí. Tá gearradh siar de trí mhí á dhéanamh ar jobseeker's benefit. Tá laghdú á dhéanamh ar líon na ndaoine a oibríonn sna seirbhísí poiblí, cuid acu sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Ní chóir dúinn dallamullóg a chur ar dhaoine. Tá an Rialtas ag rá gur an Bille Leasa Shóisialaigh 2012 atá anseo, ach táimid ag rá gur cheart cur leis sin os rud é go bhfuil ábhar eile á chlúdach ag an reachtaíocht seo. Ba chóir dúinn bheith cruinn faoi sin. Is léir go bhfuil an Rialtas ag iarraidh an Bhille seo a bhrú tríd. Tá sé soiléir nach bhfuil fonn ar an Rialtas páirt a ghlacadh in aon díospóireacht domhain ar na buncheistanna a ardaíonn an reachtaíocht seo. Is léir go bhfuil cleasaíocht polaitiúla ar siúl ag an Rialtas. Ba cheart go léireodh an Teideal atá ar an mBille na hábhair sin ar fad. Is mór an náire é don Rialtas go bhfuil an méid seo á dhéanamh acu. Is mór an náire é gur cuireadh gilitín orainn aréir nuair a bhíomar ag iarraidh dul tríd na ceisteanna éagsúla seo. Is mór an náire é gur vótáil an dream eile an Bille seo tríd leis an Teideal seo air inné. Ba chóir do gach éinne sa Rialtas agus sa Fhreasúra an Teideal a athrú, nó fiú vótáil i gcoinne an Bhille seo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.