Seanad debates

Thursday, 20 December 2012

Social Welfare Bill 2012: Report Stage

 

12:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

B'fhéidir nach dtaitníonn sé leis an Seanadóir Keane é a chloisteáil, ach is é seo an fhírinne. Tá aimhleas á dhéanamh ag an mBille seo. Tá mé ag rá go mbeadh sé níos cruinne "Bille aimhleasa" a thabhairt ar an reachtaíocht seo. Is mó scéalta atáimíd ag cloisteáil faoin aimhleas atá á dhéanamh. Tá daoine a cheapanna nach bhfuil an t-athrú atá á dhéanamh ar an liúntas um fhilleadh ar oideachas chun a leasa. Tá an sean-dream agus na daoine le míchumais a fhaigheann an pacáiste sochar teaghlaigh ag rá nach bhfuil an gearradh siar atá á dhéanamh ar an gcúnamh leictreachais agus gutháin a fhaigheann siad chun a leasa. Tá na rudaí seo chun a gcuid aimhleasa, seachas a gcuid leasa. Tá sé féaráilte é sin a lua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.