Seanad debates

Thursday, 20 December 2012

Social Welfare Bill 2012: Report Stage

 

12:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Sa chomhthéacs ina bhfuilimid ag labhairt, tá sé tábhachtach breathnú ar an Teideal atá ar an mBille seo. Tá an ainm "an Bille Leasa Shóisialaigh 2012" á thabhairt againn ar an mBille seo. B'fhéidir go mbeadh sé níos cruinne "an Bille aimhleasa shóisialaigh" a thabhairt air, i gcomhthéacs na daoine a bhfuil sé ag déanamh dochar dóibh. Tá a fhios ag an Aire go maith go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtarraingeodh muid aird ar na ceisteanna éagsúla. Tá an-frustrachas ar na Seanadóirí atá anseo inniu nach bhfuil deis againn plé nó cíoradh iomlán a dhéanamh ar na tagairtí éagsúla atá sa reachtaíocht seo do dhaoine éagsúla. Ba cheart dúinn smaoineamh ar cé hiad na daoine ar a bhfuil an Bille aimhleasa shóisialaigh seo ag déanamh aimhleas. Tá sé ag déanamh aimhleas ar na cúramóirí a bhfuil an t-airgead gearrtha siar orthu. Tá siad i dteagmháil linn go rialta. Níl said sásta leis na ciorruithe atá á dhéanamh orthu. Tá sé ag déanamh aimhleas ar chlanna. Tá mé tar éis bheith ag cruinnithe poiblí ar fud na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.