Seanad debates

Wednesday, 7 November 2012

Adjournment Matters

Seirbhís Eitleoireachta

8:10 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is cuairteoir rialta í ar an Teach seo. Tá míle fáilte roimpi. Tá mé ag ardú ceist a bhaineann le Roinn na Gaeltachta go bunúsach - an seirbhís eitleoireachta a fhreastalaíonn ar na trí oileán Árainn. Tá a fhios aici go bhfuil seirbhís aeir go dtí na hoileáin - i dtosach ó Ghaillimh agus níos déanaí ó Aerfort na Minna i gConamara - le níos mó ná 40 bliain anois. Is cuid fíor-bhunúsach agus fíor-thábhachtach d'infreastruchtúr na hoileáin í an tseirbhís seo. Bhí dlúth-bhaint ag an aerstráice agus an seirbhís aeir leis na roghanna a rinne daoine chun fanacht ar na hoiléain, dul amach le cónaí ar na hoileáin nó gairm a dhéanamh ar na hoileáin.

Má táimid chun na huimhreacha a choinneáil suas sna scoileanna, má tá daoine chun gnóthaí a bhunú ar na hoileáin agus má tá sé bheith níos fusa do dhaoine cóir leighis, srl., a fháil, tá an tseirbhís aer riachtanach. Ag cruinniú leis an Aire Stáit, an Teachta McGinley, le déanaí, tugadh le fios go bhfuil an fordheontas a chuireann an Roinn ar fáil don tseirbhís aer i mbaol. Bhí ráfla ann go mb'fhéidir go bhfuil an fordheontas le gearradh. Tá an-imní ar phobal Inis Mór, Inis Meáin aguis Inis Oírr go dtarlóidh sé sin. Mar a dúirt duine amháin, dá ndéarfaí le duine i mBaile Átha Cliath a bhraitheann ar an Luas go bhfuil an tseirbhís sin le n-imeacht, bheadh an cairpéad bainte faoi chosa an duine sin. Is féidir an rud céanna a rá faoin tseirbhís bus i gceantair tuaithe. Cé go dtéann seirbhís farantóireachta maith go leor amach go dtí Oileáin Árann chomh maith céanna, tá an seirbhís aer riachtanach do phobal na n-oileáin. Labhair an dochtúir a oibríonn ar Inis Mór, Marion Broderick, go poiblí faoin gceist seo an tseachtain seo caite. Dúirt sí go bhfuil an tseirbhís aer fíor-thábhachtach i gcás aire a thabhairt d'othair a bhíonn orthu taisteal isteach go rialta go Gaillimh. Níl sé feiliúnach do chuid mhaith acu taisteal ar an mbád mar tá an t-aistear fó-fhada agus déanann sé dochar dóibh. Cabhraíonn an seirbhís aer le gach éinne go dteastaíonn uathu aistear i bhfad níos tapúla a dhéanamh ó am go ham.

Nuair a labhair mé le fear gnó - Tarlach de Blácam - a bhfuil gnó idirnáisiúnta atá ag plé le cúrsaí cniotála bunaithe aige ar Inis Meáin, dúirt sé liom gur ionann deireadh a chur leis an tseirbhís eitleoireachta agus deireadh a chur leis an gnó atá ar bun aige. Tá 16 duine fostaithe aige sa chomhlacht, a dhéanann a gcuid gnó go hidirnáisiúnta, go háirithe leis an tSeapáin. Bíonn orthu earraí agus samplaí dá gcuid oibre a chur thar lear go rialta. Bíonn custaiméirí an chomhlachta ag súil le seirbhís tapaidh. Ní thagann an bád isteach sách rialta ionas gur féidir é sin a dhéanamh. Tá an comhlacht ag brath go hiomlán ar leithéidí DHL, a phiocann na hearraí seo suas nuair a thuirlingíonn an t-eitleán. Nuair a bhriseann píosa innealra sa monarchan, mar a tharlaíonn ó am go chéile, caithfidh an comhlacht píosa nua a fháil isteach go tapaidh. Muna bhfuil an tseirbhís seo ar fáil chun a leithéid a dhéanamh, is féidir leis an 16 duine atá fostaithe san ionad seo bheith dímhaoin ar feadh roinnt laethanta.

Caithfear glacadh leis go bhfuil an tseirbhís eitleoireachta go dtí Oileáin Árann mar bhunchuid d'infreastruchtúr, córas iompair agus córas sóisialta na trí oileán. Tá sé mar sin le 40 bliain. Is mar gheall ar sin gur éirigh leis an daonra fanacht ar na hoileáin, go bhfuil na scoileanna faoi bhláth agus go bhfuil seirbhísí sóisialta ann, srl. Tá mé ag impí ar an Aire Stáit deimhniú dom nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas drannadh leis an fordheontas seo. Sa bhuiséad atá ag teacht, ní cheart aon ghearradh siar a dhéanamh ar an airgead a íoctar le chinntiú gur féidir seirbhís eitleoireachta amach go dtí na trí oileán a chur ar fáil. Tá an tseirbhís ríthábhachtach do na hoileánaigh. Tá siad trína chéile le seachtain anuas. Tá cruinnithe poiblí eagraithe acu ar na hoileáin éagsúla. Beidh cruinniú acu le ionadaithe tofa i nGaillimh Dé Luain seo chugainn. Bheadh sé tráthúil dá bhféadfadh an tAire Stáit leid a thabhairt dúinn nach bhfuil sé i gceist drannadh leis an tseirbhís seo. Ba ionann sin agus na seirbhísí bus nó Luas a bhaint as ceantracha eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.