Seanad debates

Wednesday, 17 October 2012

Ombudsman (Amendment) Bill 2008: Committee Stage (Resumed) and Remaining Stages

 

2:45 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Táimíd ag tacú, go ginearálta, le prionsabal an Bhille, go bhfuil an leathnú seo ag cur leis an reachtaíocht chun na heagrais a chomhnascadh.

Bhí caint ann go raibh Oifig an Choimisinéara Teanga le comhnascadh le hOifig an Ombudsman. Táimíd ag súil nach bhfuil sé sin ag dul a tarlú. Ní léir dom go raibh aon chomhráití ar bun. Chuir mé ceist ar an Ombudsman faoi sin agus is cosúil nach raibh aon comhráití foirmeálta ar siúl léi siúd faoi sin. Níl Oifig an Choimisinéara Teanga i bhfábhar sin, níl pobal na Gaeilge ina bhfábhar agus ní bhéadh Sinn Féin ina bhfábhar agus tá súil agam nach bhfuil sé ar an mbord agus nach bhfuil sé i gceist ag an Aire dul ar aghaidh leis an gceann áirid sin. Ní dóigh linn go ndéanfadh sé aon chiall agus nach ndéanfadh sé aon sábháil i ndáiríre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.