Seanad debates

Wednesday, 17 October 2012

Ombudsman (Amendment) Bill 2008: Committee Stage (Resumed) and Remaining Stages

 

2:45 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá. Is mar gheall ar an rud sin atá mé ag moladh an leasú seo. Má tá Roinn an Aire ag tabhairt treoir dos na Ranna éagsúla nach gá dóibh cloí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, tá gá leis an leasú. Sin bun agus barr an scéil.

Tá sé ráite ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, i gcomhfhreagras a chuir sé ag an gcoiste fo-mhaoirsiú, nár ghá don Roinn cloí le rialacháin an Choimisinéara Teanga a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, atá luaite ag an Aire. Tá an t-Aire ag rá gur leor Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí ag rá nach gá cloí leis mar go bhfuil an t-Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe tar éis a rá gur féidir treoirlínte eile, atá eisithe aige féin, a leanacht. Dá bhrí sin, níl an Roinn Coimirce Sóisialaí ag earcadh daoine le Gaeilge.

Tá sin le feiceáil i gConamara faoi láthair. Bhí an t-Aire Coimirce Sóisialaí ar an gCeathrú Rua le déanaí agus níl oifigeach ansin atá ábalta déileáil le daoine i nGaeilge, ar na bun seirbhísí. Níl siad ag cloí leis an scéim. Sin an fáth go bhfuil a leithéidí seo tábhachtach. Is bunphrionsabal é go mbéadh an ceart sin againn agus go mbéadh an seirbhís ar fáil.

Faoi láthair, tá daoine in Oifig an Ombudsman le Gaeilge ach cá bhfios dúinn nuair a imeoidh na daoine sin nach dtiocfaidh daoine eile agus gan Gaeilge ar a dtoil acu?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.