Seanad debates

Wednesday, 17 October 2012

Ombudsman (Amendment) Bill 2008: Committee Stage (Resumed) and Remaining Stages

 

2:35 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá mise sásta leis an freagra a thug an tAire do Seanadóir Ó Clochartaigh. Measaim go bhfuil sé réasúnta go bhfuil Acht na Teangacha Oifigiúla curtha i bhfeidhm ag an Ombudsman agus ag na daoine eile a luaigh sé. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach go mbeadh daoine sna hoifigí sin in ann teagmháil a dhéanamh trí Ghaeilge. Ach, caithfidh an Rialtas na hacmhainní a thabhairt do na heagrais sin chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil do na daoine atá ag obair ansin faoi láthair. Bheadh sé an-áisiúil dá gcuirfeadh an Rialtas ceachtanna ar fáil go ginearálta chun féachaint chuige go mbeadh Gaeilge ar a gcumas ag níos mó daoine. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh Gaeilge ag an chuid is mó de na daoine san oifig ionas go mbeadh daoine in ann glaoch a dhéanamh agus labhairt le éinne trí Ghaeilge. Níl sin réalaíoch áfach, ach bheadh sé níos fearr. Caithfimid níos mó Gaeilge a chothú i measc an phobail sula ndéanann muid rud mar seo. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla curtha i bhfeidhm agus tá a lán oibre déanta maidir leis an Acht, ach níl a fhios agam an mbeadh go leor daoine oiriúnacha le Gaeilge ar fáil do na postanna dá gcuirfí ar fáil iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.