Seanad debates

Wednesday, 17 October 2012

Ombudsman (Amendment) Bill 2008: Committee Stage (Resumed) and Remaining Stages

 

2:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 24:


In page 12, before section 14, to insert the following new section:
14.?Section 10 of the Principal Act is amended?(a) by substituting the following for subsection (1)(a):
(1) (a) The Ombudsman may appoint such and so many persons to be members of the staff of the Office (an adequate number of whom should be competent in the Irish language so as to provide service through Irish as well as English) as it may determine with the consent of the Minister and the Minister for Finance,
and
(b) by the deletion of subsection (4).?.
Bhímid ag iarraidh an fhoráil chéanna a chur chun maidir leis an Bhille sin agus dúirt sé liom labhairt leis nuair a bheadh sé istigh mar go mbeadh Bille eile á thabhairt aige a bhaineann le rialú na dTithe anseo agus bheadh an fhoráil chéanna á cur chun cinn ann. I bprionsabal táimid ag rá an rud céanna anseo ó thaobh Thithe an Oireachtais mar tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh daoine anseo ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá conspóid cruthaithe ag an Aire Stáit mar tháinig an Coimisinéir Teanga os comhair an choiste PSOP le fianaise a thabhair faoina chuid tuairiscí bliantúla. Bhí cás ansin maidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, nach raibh an Roinn ag cloí le rialachán agus luaigh an tAire Stáit dreamanna nach raibh ag cloí le rialachán de chuid an Ombudsman. Níor chloígh an Roinn Coimirce Sóisialaigh le rialachan a rinne an Coimisinéir Teanga agus níor chloígh sí ar threoir ó Roinn Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe faoi dhaoine a earcú a raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu.

An freagra a tháinig ar ais ón Roinn Coimirce Sóisialaigh ná nach bhfuil siad chun sin a dhéanamh mar go bhfuil siad ag leanacht ón Aire féin. Sin an fáth go bhfuil sé seo níos tábhachtaí ná riamh. Tá súil agam go dtabharfaidh an Aire aghaidh ar an cheist eile, maidir leis an earcaíocht agus an cás a thug an Coimisinéir Teanga. Mar an Aire a bhfuil freagracht aige do na ombudsmen, ba cheart go mbeadh sé le feiceáil go bhfuil sé ag tacú leis na moltaí atá á dhéanamh ag na ombudsmen éagsúla. Ní cheart go mbeadh treoir ar bith atá a Roinn a thabhairt ag teacht salach ar moltaí atá déanta ag leithéidí an Coimisinéir Teanga nó aon ombudsman eile.

Mar sin, táimid ag iarraidh an foráil seo a chur chun cinn. Ní dóigh liom go ndéanfaidh sé aon difríocht. I ndáiríre, táimid ag caint faoi daoine nua a bheadh ag teacht isteach sa tseirbhís. Ní bheadh aon chostas breise ag baint le sin. Nuair atá próiseas earcaíochta ar bun, táimid ag iarraidh go ndéanfar cinnte go bhfuil daoine á thógáil ar bord sna Ranna Stáit, agus go háirithe sa gcás seo, in Oifig an Ombudsman, atá ábalta a gcuid gnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Thabharfadh sin tacaíocht do phobal na Gaeilge agus cuirfeadh sé comhartha dearfach chomh maith ón Rialtas seo go bhfuil sé dáiríre maidir leis an straitéis 20 bliain. Cuideodh sé freisin leis an Bille seo. Thaispeánfadh sé freisin go bhfuil an ombudsman féin dáiríre faoin Ghaeilge agus faoi seirbhís iomlán Gaeilge a chur ar fáil do na saoránaigh sin atá ag iarraidh sin. Sin an bunús atá leis an leasú atá muid ag cur chun cinn agus bheinn bhuíoch don Aire as é a thógáil ar bord.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.