Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

5:45 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Phlé muid cúrsaí anonn is anall anseo tráthnóna, ach i bprionsabal ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don mhéid a dúirt mé ar an Dara Chéim den Bhille seo, go bhfáiltíonn Sinn Féin roimh an Bille seo. Síleann muid go bhfuil cuid mhaith céille ag baint leis mar go bhfuil sé ag tabhairt le chéíle seirbhísí éagsúla. Ag an am céanna, nótáilim go raibh coiste comhairleach ag plé le cúrsaí Gaeilge faoi scáth Roinn an Aire Stáit. Daoine iad a bhí ag obair go deonach agus ba mhaith liom an obair mhór a rinne siad maidir leis an gcaighdeán oifigiúil a nótáil. Tuigim ó chómhfhreagras atá faighte againn ar fad, gur mhaith leo go bhféadhfadh ról a bheith ag an obair a rinne siad agus go dtógfaí ar bord é. Tuigim go bhfuil an Aire Stáit ag rá go ndéanfar sin sa chéad eagrán nua eile. Ach mar a luaigh mé ar an Dara Chéim, b'fhiú ról leanúnach a shamhlú do grúpa den chineál sin.

Tá a fhios againn ar fad go bhfuil sé ar nós a bheith taobh istigh de "bubble" anseo scaití i dTithe an Oireachtais. Táim cinnte gur amhlaidh do Rannóg an Aistriuchaín, is cuma cé chomh maith agus atá sé. Ní dochar ar bith ó am go chéile, saineolas seachtrach atá amuigh ansin sa bpobal ón saol acadúil, ó na meáin cumarsáide, ón saol poiblí agus ón bpobal a fháil. Sin é an cineál saineolais a bhí ar an gcoiste comhairleach. Tuigim go bhfuiltear míshásta go leor maidir leis an comhfhreagras nó an easpa cumarsáide idir an Roinn agus iad maidir leis na moltaí a rinne siad. Níl mé cinnte den stair a bhaineann le sin ach ba mhaith liom go dtógfaí a gcuid tuairimí ar bhord go cinnte. B'fhéidir gur fiú aitheantas de chineál éigin a thabhairt don obair mhaith a rinne siad.

Rinne muid go leor tagairtí anseo maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Thagair muid don tábhacht atá le foireann anseo i dTithe an Oireachtais atá ábalta a chuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, ní hamháin ó thaobh aistriúcháin de ach ó thaobh gnóthaí ginearálta, is cuma cén áit sna Tithe ina bheadh muid. Arís, ba mhaith liom moladh a thabhairt don dream atá anseo a úsáideann an Ghaeilge, fiú an dream a dhéanann iarracht bheag. Níl aon drochmheas ar iarracht bheag; is cuma cén iarracht a dhéanann daoine. Thug mé faoi deara nuair a bhí muid ag plé Chéim an Choiste gur labhair an tAire Stáit ar an obair mhaith a rinne Gaeleagras agus faoi ranganna Gaeilge agus mar sin de atá ar siúl anseo. Is maith ann iad agus tá cuid mhaith de mo chomhleacaithe ag freastal ar ranganna. Tá ardmholadh ag dul do Chonradh na Gaeilge as an obair leanúnach a dhéanann sé anseo, ó thaobh an maidin caifé i dTithe an Oireachtais anseo a thugann deis do daoine bualadh le chéile, agus a bhíonn ar fáil, duine ar dhuine, le comhairle agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine. Tá sár obair ag baint leo seo.

Ach, mar atá a fhios ag an Aire Stáit, ní bhualadh aon rud tréímhse sa Ghaeltacht le buanú agus sealbhú a dhéanamh ar an teanga.

Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, ní bhuailfeadh aon rud tréimhse sa Ghaeltacht le buanú agus sealbhú a dhéanamh ar an teanga. Is é sin an fáth a mhol muid go ndéanfaí athmhachnamh ar an gcoincheap sin ó thaobh Gaeleagras de. An rud a bhí ansin ná go dtógfáí na Státseirbhísigh síos go dtí na ceantair Gaeltachta ar feadh seachtain, coicís nó trí seachtaine, ionas go mbeidís ábalta saol na Gaeltachta a fheiceáil agus a thuiscint. Tá a fhios againn go maith go bhfuil an teanga beo beithíoch sna siopaí, tithe ósta, scoileanna agus oiread. Ba mhaith an rud é dá mbeadh an deis sin ar fáil.

Luaigh muid freisin an amhras atá orainn maidir le feirmeoireacht amach a dhéanamh ar na seirbhísí aistriúcháin. Tuigim go bhfuil sé glactha, de bharr go bhfuil móramh ag an Rialtas, go dtabharfar cead do Ranna éagsúla aistriúcháin a dhéanamh de réir mar atá daoine ar fáil sna Ranna sin. Bhéinn amhrasach faoi sin. B'fhéidir gur fiú don Aire Stáit athbhreithniú a dhéanamh ar sin. Is dóigh liom go mbeadh sé níos fearr dá dtiocfadh an aistriúcháin ar ais faoi bhráid Coimisiún Thithe an Oireachtais.

Aontaím go hiomlán leis an moladh eile atá déanta ag an Aire Stáit. Ní bheadh aon dochar ann dá mbeadh Rannóg an Aistriúcháin in ann píosaí d'óráidí mo chomhghleacaithe a aistriú. Tá oifigeach Gaeilge fostaithe againn i Sinn Féin. Níl a fhios agam an bhfuil a leithéid fostaithe go lánaimseartha ag na páirtithe eile. Glacaim le moladh an Aire Stáit go gcaithfear airgead na bpáirtithe ar dhaoine le Gaeilge a chur ar fáil le aistriúcháin a dhéanamh ar na rudaí éagsúla atá ar bun againn. Mar thoradh ar sin, tá mé ag súil go mór leis na hóráidí breátha Gaeilge a bheidh le cloisteáil ó na Seanadóirí eile anseo agus na Teachtaí Dála. Beidh muid ag súil leis an ngeallúint atá déanta ag an Aire. Tá mé cinnte go seasfaidh sé le sin, go háirithe ó thaobh Fine Gael de, agus go labhróidh sé le Páirtí an Lucht Oibre faoi. Sa chaoi sin, beidh muid ag Gaeilgeoireacht linn go paiteanta sna Tithe amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.