Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

5:35 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Táim breá sásta san áit ina bhfuil mé, agus tig liom é sin a dhearbhú don Seanadóir. Tá dea-thoil agus dea-mhéin ann don Ghaeilge agus tá ranganna ar fáil. Freisin, b'fhéidir go bhféadfadh na páirtithe iad féin cuidiú a thabhairt dá gcuid urlabhraithe níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge. Caithfidh mé buíochas a thabhairt do na meáin a thugann clúdach dúinn, Raidió na Gaeltachta a chraolaíonn cuid de na himeachtaí a bhíonn againn anseo i nGaeilge, TG4 - bíonn tuairisc acu ar an Dáil beagnach gach tráthnóna nuair a bhíonn an Teach ina shuí - agus na meáin eile a thagann amach go seachtainiúil a thugann aird ar an mhéid a bhíonn le rá anseo chomh maith.

Ag teacht ar ais go dtí an Bille, is Bille teoranta atá ann maidir le reachtaíocht a chur ar fáil i nGaeilge agus maidir leis An Caighdeán Oifigiúil a thabhairt aníos chun dáta gach cúpla bliain. Is iad sin na príomh cuspóirí atá leis an Bille agus sílim go gcomhlíonann sé na cuspóírí sin. Táim iontach dóchasach, nuair a bheidh seo reachtaithe - tá an-mhuinín agam i Rannóg an Aistriúcháin agus an stair atá acu - go ndéanfaidh an rannóg na dualgaisí reachtúla atá orthu maidir leis an Ghaeilge a chomhlíonadh san am amach romhainn, mar a rinne siad san am a chuaigh thart.

Mar sin, níl aon doicheall orm an Bille a mholadh don Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.